Acmhainní Nua Ceartais Teaghlaigh atá Oiriúnach do Leanaí
- Foilsithe: 5 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Bealtaine 2026
Inniu, sheol an tAire Séamus Ó Ceallacháin acmhainní ilmheán, lena n-áirítear físeáin, atá ceaptha chun próisis ceartais teaghlaigh a mhíniú do leanaí ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois.
Tá an tsraith nua dírithe ar leanaí idir ocht mbliana d’aois agus 12 bhliain d’aois a bhfuil athruithe teaghlaigh, amhail scaradh nó colscaradh, ag tarlú ina saol, nó a bhfuil a dtuismitheoirí ag dul tríd an gcóras cúirteanna teaghlaigh.
Tá na hacmhainní dlí teaghlaigh atá oiriúnach do leanaí ina gcuid thábhachtach den athchóiriú leanúnach ar an gcóras ceartais teaghlaigh in Éirinn. Comhlíonann siad príomhghníomh sa Straitéis Ceartais Teaghlaigh 2022-2025, atá ina clár uaillmhianach athchóirithe ina leagtar amach fís do chóras atá athdhírithe ar riachtanais leanaí agus ar chearta leanaí, ar nithe iad a bhfuil ról lárnach acu ina lán nithe ceartais teaghlaigh.
Tá an tsraith físeán ar fáil anois ag gov.ie/FamilyChanges agus is féidir í a rochtain ar chainéal na Roinne ar YouTube ag youtube.com/@DeptJusticeIRL freisin