Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

An Chéad Tuarascáil Bhliantúil de chuid ‘Building Pathways Together’

Foilsíodh an chéad Tuarascáil Bhliantúilde chuid Building Pathways Together: Criminal Justice Reintegration Through Employment Strategy.

I gClár an Rialtais 2025 – Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, tugtar gealltanas go gcuirfear straitéis fostaíochta d’iarchiontóirí chun feidhme. Is í an Tuarascáil sin an chéad Tuarascáil Bhliantúil ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Straitéise ‘Building Pathways Together’, ina dtugtar breac-chuntas ar an dul chun cinn a baineadh amach ar fud na chéad bhliana den straitéis chun na tacaíochtaí cuí agus na deiseanna cuí a sholáthar dóibh siúd a scoir de chiontú agus atá ag lorg seasmhachta. Áirítear iad seo a leanas leis na príomhfhorbairtí sa bhliain 2025:

  • Soláthraíodh cistiú scoláireachta KickStart le haghaidh Sheimeastar 2 den bhliain 2025–2026
  • Rinneadh obair ullmhúcháin do Bhabhta 4 de KickStart
  • Bronnadh céimeanna ar an gcéad chohórt den Chlár Ceannaireachta Taithí Fíorshaoil (LEAD)
  • Bunaíodh an Líonra Fostóirí Ceartais Choiriúil (CJEN) agus an Coiste Comhairleach um Fhostaíocht Ceartais Choiriúil (CJEAC)
  • Reáchtáladh an t-imeacht de chuid Gaisce dar teideal ‘Generation Change: Embracing New Horizons’
  • Cuireadh tús leis an suíomh Gréasáin ‘Building Pathways Together’ a fhorbairt

Cuireadh tús le hobair ar dhul chun cinn a dhéanamh ar ghníomhartha na bliana 2026 a sainaithníodh sa Straitéis ‘Building Pathways Together’, agus tá iarrachtaí ar siúl i gcónaí chun leanúint de na gníomhartha a tionscnaíodh sa bhliain 2025 a chur chun feidhme.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat