An dara céim d’fhorbairt Phríosún an Chaisleáin Riabhaigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

An dara céim d’fhorbairt Phríosún an Chaisleáin Riabhaigh

Thug Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, cuairt ar Phríosún an Chaisleáin Riabhaigh inniu chun an fód a iompú ar an dara céim de Thionscadal Forbartha Tithíochta Gharrán an Chaisleáin Riabhaigh. Tá tógáil an tionscadail ar siúl, ar mar thoradh uirthi a sholáthrófar 126 spás i 21 aonad tithíochta nua.

Le tionscadal Chéim a hAon, a cuireadh i gcrích laistigh de 12 mhí, soláthrófar 24 spás príosúin breise agus oifigí foirne nua. Ar an iomlán, is é an toradh a bheidh ar an tionscadal go gcuirfear 150 spás le toilleadh Phríosún an Chaisleáin Riabhaigh.

Fuair an tAire Ó Ceallacháin díolúine ó Chéim 1 de na Treoirlínte Bonneagair chun a chinntiú go gcuirfear tús le Céim 2 den fhorbairt láithreach. Tá Céim 2 de thionscadal an Gharráin ar cheann de shé thionscadal mórscála sa Chlár um Sholáthar Luathaithe Caipitil atá tar éis dul timpeall ar cheadú Chéim 1, rud a fhágfaidh go gcuirfear an tionscadal i gcrích idir 12 mhí agus 18 mí níos luaithe ná mar is gnách. Is é €28.08 milliún costas iomlán an tionscadail.

Tacaíonn an tionscadal tosaíochta le Plean Forbartha Náisiúnta an Rialtais, a bhfuil mar aidhm leis infheistíocht chaipitil a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar phlódú príosúin agus eastát na bpríosún a nuachóiriú ar aon dul le fás an daonra.

Ina theannta sin, tá conradh ar leith ann le haghaidh 66 spás cillín breise laistigh de phríomhphríosún an Chaisleáin Riabhaigh, rud a fhágfaidh go mbeidh méadú 216 spás san iomlán ann ar fud an phríosúin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat