An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Saoráidí uasghrádaithe ríomhgheataí in Aerfort Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Inniu, sheol an tAire Séamus Ó Ceallacháin agus an tAire Stáit Colm Brophy saoráidí uasghrádaithe ríomhgheataí in Aerfort Bhaile Átha Cliath, rud atá ina infheistíocht thábhachtach i mbonneagar bainistíochta teorann agus i gcórais próiseála paisinéirí na hÉireann.
Leis na ríomhgheataí nua, tugtar isteach teicneolaíocht bhreisithe atá ceaptha chun sreabhadh paisinéirí a fheabhsú, chun bearta slándála a neartú, agus chun tacú leis an líon méadaitheach paisinéirí ag an aerfort is gnóthaí in Éirinn.
Áirítear leis an gcóras uasghrádaithe teicneolaíocht fheabhsaithe um aghaidheanna a chur i gcomparáid, bearta breisithe chun pasadóirí a bhrath, próiseas nua fíorúcháin dhá chéim, agus feidhmiúlacht léitheora cártaí aitheantais a thabhairt isteach do phaisinéirí incháilithe ó thíortha rannpháirteacha. Leis an mbonneagar nua, cabhrófar leis an bpróiseas teachta do phaisinéirí a chuíchóiriú, agus tacaíocht á tabhairt fós do sheiceálacha láidre inimirce agus slándála teorann ag an am céanna.
Leanfaidh na ríomhgheataí uasghrádaithe ag oibriú in éineacht leis na córais fíorúcháin inimirce agus slándála idirnáisiúnta atá ann cheana, agus tarchuirfear paisinéirí chuig oifigigh inimirce i gcás go mbeidh gá le tuilleadh scrúdaithe.