Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Seirbhísí Inimirce, Cosanta Idirnáisiúnta agus Saoránachta

An Ról atá ag Seachadadh Seirbhíse Inimirce

Oifig feidhmiúcháin de chuid na Roinne Dlí agus Cirt is ea an tSeirbhís Inimirce. Tá freagracht uirthi as feidhmeanna riaracháin an Aire Dlí agus Cirt sna réimsí seo a leanas:

  • inimirce
  • víosaí
  • cosaint idirnáisiúnta
  • cúrsaí saoránachta

An Ról atá ag Biúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána

Oifig den Gharda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann) atá i mBiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána. Tá an oifig freagrach as cúrsaí uile an Gharda Síochána a bhaineann le hinimirce ar bhonn náisiúnta, lena n-áirítear:

  • rialú teorann
  • clárúcháin
  • cead chun fanacht a dheonú
  • daoine a dhíbirt agus imscrúduithe (inimirce neamhdhleathach agus gáinneáil ar dhaoine)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat