An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Seirbhísí Inimirce, Cosanta Idirnáisiúnta agus Saoránachta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
< An Inimirce < Seirbhísí Inimirce, Cosanta Idirnáisiúnta agus Saoránachta
Tá freagracht ar an Aire Dlí agus Cirt as an inimirce in Éireann trí dhá eagraíocht:
An Ról atá ag Seachadadh Seirbhíse Inimirce
Oifig feidhmiúcháin de chuid na Roinne Dlí agus Cirt is ea an tSeirbhís Inimirce. Tá freagracht uirthi as feidhmeanna riaracháin an Aire Dlí agus Cirt sna réimsí seo a leanas:
- inimirce
- víosaí
- cosaint idirnáisiúnta
- cúrsaí saoránachta
An Ról atá ag Biúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána
Oifig den Gharda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann) atá i mBiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána. Tá an oifig freagrach as cúrsaí uile an Gharda Síochána a bhaineann le hinimirce ar bhonn náisiúnta, lena n-áirítear:
- rialú teorann
- clárúcháin
- cead chun fanacht a dheonú
- daoine a dhíbirt agus imscrúduithe (inimirce neamhdhleathach agus gáinneáil ar dhaoine)