Iarratas ar chúiteamh: Bás comhalta den Gharda Síochána ar dualgas a raibh díobháil mhailíseach mar chúis leis
- Foilsithe: 15 Feabhra 2018
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh
Cleithiúnaithe le comhaltaí éagtha den Gharda Síochána a gortaíodh go marfach agus iad ar dualgas, agus iad ag gníomhú i gcáil ghinearálta mar chomhalta nó díreach toisc gur comhalta den Gharda Síochána iad, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar chúiteamh.
An fhaisnéis a theastóidh uait
Beidh an fhaisnéis seo a leanas uait:
- ainm agus seoladh an iarratasóra
- ainm agus céim an duine éagtha
- gaol an iarratasóra leis an duine éagtha
- cruthúnas go raibh an t-iarratasóir (nó gach duine de na hiarratasóirí) i gcleithiúnas an duine éagtha, nó i gcleithiúnas go páirteach an duine éagtha
- dáta agus áit bhás an duine éagtha
- faisnéis faoi na díobhálacha a rinneadh ar an duine éagtha agus faoi imthosca na ndíobhálacha mailíseacha
Conas iarratas a dhéanamh
Comhlánaigh an fhoirm thíos agus seol sa phost í chuig:
Scéimeanna Cúitimh an Gharda Síochána
- Seoladh:
- Ceartas Coiriúil – Soláthar Seirbhíse, An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52