Féach na CFPÁnna faoi Lánseol

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Féach na CFPÁnna faoi Lánseol


Gheobhaidh tú anseo 3 chás-staidéar ar an dea-thionchar atá á imirt ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) ar Phobail.

Físeán 1: CFPÁ Chorcaí - Tionscadal Sláinte Niche

Labhraíonn Martin Davoren, Speisialtóir Sinsearach san Ionchuimsiú Sóisialta le Comhairle Cathrach Chorcaí, agus Maria Barry ó Thionscadal Sláinte Niche faoin ról a bhí ag CFPÁ Chorcaí i dTionscadal Sláinte Niche agus an dea-thionchar a bhí aige ar mhuintir Chnoc an Chuilinn agus Chnoc na hAoine.

Físeán 2: CFPÁ Dhún na nGall - Ionad Naomh Pádraig

Labhraíonn an Comhairleoir Brian Carr ó CFPÁ Dhún na nGall agus Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionaid in Ionad Naomh Pádraig i nGaoth Dobhair faoin bhéim a leagann siad ar riachtanais phobail sna seirbhísí a chuireann siad ar fáil, agus faoin tacaíocht a fuair siad ó CFPÁ Dhún na nGall ina leith.

Físeán 3: CFPÁ na Gaillimhe agus an Caifé Néaltraithe

Labhraíonn Lorna Beck, Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin i gComhairle Contae na Gaillimhe faoi na tionscnaimh a tugadh i gcrích tríd an Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail agus conas gurb é an CFPÁ an struchtúr lena dtugtar na grúpaí sainleasa go léir sa phobal le chéile ar bhealach straitéiseach, chun tionchar fadtéarmach inbhuanaithe a imirt.

Labhraíonn Adele Rankin, Comhordaitheoir Éire Shláintiúil do Chontae na Gaillimhe, Kathleen Aspeill, Áisitheoir an Chaifé Néaltraithe, Teresa Conneely ó Chumann Alzheimer na hÉireann agus Sandra O’Connor ó FORUM Chonamara go léir faoi conas a thacaíonn an Caifé Néaltraithe i nGaillimh le daoine leochaileacha sa phobal agus lena gcúramóirí, agus faoi thábhacht an ionchuimsithe shóisialta ar an talamh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat