Scéimeanna Tacaíochta Áiseanna Áineasa faoin Aer
- Foilsithe: 20 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 20 Aibreán 2026
Scéim Infreastruchtúr Áineasa faoin Aer
Cuireann an Scéim Infreastruchtúr Áineasa faoin Aer maoiniú ar fáil chun bonneagar nua áineasa faoin aer a fhorbairt. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin sa scéim chun an deisiú, an chothabháil, an feabhsú nó an cur chun cinn riachtanach a dhéanamh ar bhonneagar áineasa faoin aer atá ann cheana féin i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann.
Infheistíonn an scéim sa bhonneagar fisiceach a chuireann taca faoi ghníomhaíochtaí spóirt agus áineasa bunaithe ar úsáid acmhainní tuaithe; cuireann siad seo le stíleanna maireachtála sláintiúla gníomhacha agus ag an am céanna ag cur le hacmhainneacht eacnamaíoch agus turasóireachta an cheantair, agus mar sin tá siad chun leasa phobail áitiúla agus cuairteoirí turasóireachta araon. Féadfaidh an scéim roinnt maoinithe teoranta a sholáthar freisin chun an bonneagar sin a chur chun cinn, de ghnáth mar chuid de thionscadal níos leithne lena mbaineann tacaíochtaí caipitil.
Maoiníonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an Scéim.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.
Maoiniú Áineasa faoin Aer do Choillte
Is é Coillte an soláthraí is mó áineasa faoin aer in Éirinn agus tá bonneagar suntasach áineasa faoin aer ar fud a mhaoine. Tá breis is 300 suíomh áineasa agus na mílte maoin foraoise aonair aici ar fud na tíre.
Tá comhpháirtíocht straitéiseach ag an Roinn le Coillte agus soláthraíonn sí maoiniú de bhreis is €3 mhilliún in aghaidh na bliana do Choillte chun a gcuid áiseanna áineasa a fheabhsú agus chun tacú le méadú ar thurasóireacht agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i gceantair thuaithe.
Déan Teagmháil linn
Is féidir aon cheist faoi mhaoiniú áiseanna áineasa faoin aer a sheoladh i ríomhphost chuig ORIS@drcdg.gov.ie