Ár dTodhchaí Tuaithe: €145,220.00 do 99 tionscadal áitiúil i gCo. na Gaillimhe faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail fógartha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire Joe O’Brien

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ár dTodhchaí Tuaithe: €145,220.00 do 99 tionscadal áitiúil i gCo. na Gaillimhe faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail fógartha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire Joe O’Brien

  • Na tionscadail a d’éirigh leo faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 fógartha ag na hAirí
  • Deontais bheaga le dul chun leasa grúpaí pobail ar fud na Gaillimhe
  • Is príomhchúram de 'Ár dTodhchaí Tuaithe' é tacú le grúpaí pobail

Tá na tionscadail a d'éirigh leo i gContae na Gaillimhe faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD agus ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanais, Joe O'Brien TD.

Seoladh Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 i mí na Nollag 2023 le maoiniú €6 mhilliún ar fáil, lena n-áirítear €1 mhilliún de mhaoiniú curtha i leataobh go sonrach chun tacú le Grúpaí Ban. Cuirfidh an maoiniú tacaíochtaí caipitil ar fáil atá riachtanach don iliomad grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail, go háirithe grúpaí agus eagraíochtaí a bhíonn ag freastal ar cheantair faoi mhíbhuntáiste i gceantair thuaithe agus uirbeacha.

Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail á riar ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúil, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil, i ngach ceantar.

Ag fógairt na dtionscadal seo a d'éirigh leo i gContae na Gaillimhe inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Is éard atá i gceist leis an gClár Feabhsúcháin Áitiúil ná lámh chúnta a thabhairt dár ngrúpaí agus dár gclubanna áitiúla, arb iad bunchlocha shaol an phobail in Éirinn iad. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarratasóirí ar éirigh leo, agus buíochas a ghabháil leo as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad chun seirbhísí a chur ar fáil ina bpobal áitiúil. Cuideoidh na deontais seo leis na mílte eagraíochtaí pobail, clubanna, seideanna fear agus ban, ionaid óige agus hallaí paróiste, leanúint dá seirbhísí luachmhara a chur ar fáil do na daoine ina gceantair féin.”

Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:

“Is príomhchúram i mbeartas forbartha tuaithe an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, é tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla chun a dtodhchaí a mhúnlú. Cinnteoidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu gur féidir le pobail ar an talamh leanúint d’obair thábhachtach a dhéanamh agus tá lúcháir orm go mbainfidh gach contae tairbhe as. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil as an gcúnamh a thug siad maidir leis an gciste seo a riar.”

Seo mar a labhair an tAire Joe O'Brien agus na tionscadail ar éirigh leo á bhfógairt inniu:

“Cuireann Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do ghrúpaí pobail chun cabhrú leo a saoráidí a fheabhsú. Cuirtear maoiniú beag ar fáil do thionscadail ó threalamh TF a cheannach go mionobair athchóirithe a dhéanamh ar fhoirgnimh. I ndeireadh na dála, freagraíonn an Clár do riachtanais áitiúla. Tugann na hinfheistíochtaí seo deis do ghrúpaí pobail an obair luachmhar a dhéanann siad thar ceann daoine eile i gceantair áitiúla ar fud na tíre a dhéanamh. Bíonn tionchar mór ar an bpobal ag an gClár Feabhsúcháin Áitiúil.’

Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo i gCo. na Gaillimhe le fáil anseo.

Nótaí

  • Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil, 2024 dírithe ar shaoráidí a fheabhsú i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Cuirtear deontais bheaga ar fáil faoin gClár do ghrúpaí pobail ar bhealach atá ag teacht le Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail gach limistéir.
  • I mí na Nollag 2023 a seoladh an Clár Feabhsúcháin Áitiúil. Tagann an ciste seo in ionad Chlár um Fheabhsú Pobail na Roinne.
  • Is Coistí Forbartha Pobail Áitiúil(CFPÁnna) ar fud na tíre a dhéanann an maoiniú a riar go háitiúil, le cúnamh óna nÚdarás Áitiúil. Tá sonraí teagmhála na CFPÁnna ar fáil anseo.
  • Tá liosta na leithdháiltí le fáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat