Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Infheistiú €4 milliún i suímh áineasa Coillte in 2025 fógartha ag an Aire Calleary

  • €2.6m i gcomhair infreastruchtúr conairí agus cothabháil leanúnach ag 169 suíomh
  • €1.4m i gcomhair obair dheisiúcháin ar bheagnach 200 suíomh áineasa dá ndearnadh damáiste i stoirmeacha le déanaí

Inniu (Dé hAoine, an 1 Lúnasa 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, sonraí faoin mhaoiniú €4m atá an Roinn le cur ar fáil in 2025 mar pháirt dá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillte. In éineacht le tacaíocht a thabhairt chun tionscadail nua infreastruchtúir a fhorbairt agus chun cothabháil a dhéanamh ar chonairí ar thailte Coillte, i mbliana tá €1.4m eile á chur ar fáil i gcomhair na costais leanúnacha a bhaineann le hobair dheisiúcháin ar chonairí a damáistíodh i stoirmeacha.

Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary:

Is rud fíorthábhachtach don earnáil fóillíochta faoin aer in Éirinn í an chomhpháirtíocht straitéiseach idir mo roinn agus Coillte. Tá sé bunriachtanach chun a chinntiú gur féidir le suímh Coillte na milliúin cuairteoirí a láimhseáil gach bliain le conairí agus áiseanna d’ardchaighdeán. Tríd an gcomhpháirtíocht atá againn le Coillte faoi láthair, tá suas le €15 milliún á chur ar fáil againn i dtréimhse 5 bliana chun líonra conairí agus áiseanna áineasa Coillte ar fud na tíre a chothabháil agus a fhorbairt. Chomh maith leis sin, tá an maoiniú seo ag tacú le rannpháirtíocht Coillte le pobail agus grúpaí áineasa áitiúla mórthimpeall na tíre.

“Mar chuid dár n-infheistiú in 2025 tá €2m chun tacú le cothabháil leanúnach ar bhreis agus 160 suíomh áineasa timpeall na tíre agus €600,000 chun tacú le háiseanna nua áineasa a fhorbairt.”

Seo roinnt samplaí de na háiseanna nua áineasa atá á maoiniú inniu:

  • Gleann Tí an Easaigh, Co. Chiarraí: Céim dheireanach d’oibreacha feabhsúcháin ar Charrchlós agus bóthar isteach – €120,000,
  • Baile na Cúirte, Co. Loch Garman: Athchóiriú agus athnuachan ar Dhroichead Spike – €35,000,
  • Béal Leice, Co. Mhaigh Eo: Tionscadal feabhsúcháin ar Lochán Choill Bhéal Leice – €50,000,
  • Gleann na bhFiach, Co. Lú: Droichead nua do choisithe in ionad an tseandroichid – €70,000,
  • Cluain Dúin, Co. Chill Chainnigh: Deisiúchán agus athchóiriú ar Bhóthar Rochtana – €55,000.

Lean an tAire ar aghaidh:

Bhí breis dúshláin i gceist leis na háiseanna seo a oscailt go poiblí i mbliana i ndiaidh stoirm Éowyn. Tá a’ fhios agam go bhfuil foireann Coillte ag obair gan stad le roinnt míonna anuas chun a bhforaoisí áineasa a dheisiú agus a athoscailt chun gur féidir leis an bpobal teacht ar ais agus sult a bhaint as na coillte seo.

“Dúnadh breis is 100 suíomh mar gheall ar stoirm Éowyn agus is cúis áthais dom go bhfuil críoch leis an obair chun 83 dóibh seo a athoscailt. Tá súil go n-athosclófar na suímh eile roimh dheireadh na bliana. Mar aitheantas ar an méid suntasach acmhainní a theastaíonn chun damáiste na stoirme a dheisiú, is mór an lúcháir atá orm a bheith in ann maoiniú breise de €1.4m a chur ar fáil, ar bhonn aonuaire, i leith oibreacha deisiúcháin ar suas le 200 suíomh dá ndearnadh damáiste stoirme in 2025.”

Dúirt Imelda Hurley, Príomhfheidhmeannach Coillte:

“Is cúis áthais dúinn fáilte a chur roimh an infheistiú €4 milliún seo ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (DRCDG), lena gcuirfear feabhas suntasach ar chonairí foraoise agus láithreacha áineasa faoin aer ar fud na tíre. Tá an tacaíocht seo ag teacht ag am ríthábhachtach, i ndiaidh Stoirm Éowyn nach bhfaca muid a leithéid riamh agus a rinne damáiste forleathan dár n-eastát foraoise. Tá ár bhfoirne ag obair gan stad chun rochtain orthu seo a thabhairt ar ais, i gcúinsí fíordhúshlánacha go minic. De bharr a n-iarrachtaí éachtacha tá mórchuid ár bhforaoisí áineasa ar oscailt arís, rud a ligeann don phobal agus do chuairteoirí sult a bhaint as áilleacht nádúrtha ár bhforaoisí arís.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Calleary agus a fhoireann as a dtacaíocht leanúnach. Tá DRCDG ina comhpháirtí straitéiseach fadtéarmach tábhachtach do Coillte agus leis an maoiniú seo, ní amháin gur féidir borradh a chur faoi théarnamh an áineasa faoin aer ach tá muid in ann a chinntiú go seasfaidh na háiseanna bunriachtanacha seo an aimsir do na glúnta atá le teacht. Tá muid ag súil le leanúint ar aghaidh leis an obair i gcomhar le DRCDG chun ár láithreacha áineasa faoin aer a fheabhsú agus le fáilte a chur roimh thuilleadh cuairteoirí chun ár n-eastát ar fud na tíre.”

Is féidir teacht ar na sonraí go léir faoi na 169 suíomh ar a ndéanfar oibreacha cothabhála in 2025, in éineacht leis na 17 áis nua atá le forbairt anseo

Chomh maith leis sin, inniu d’fhógair an tAire Calleary an tuarascáil faoi chlár infheistíochta 2024 ina leagtar amach na tionscadail agus torthaí ón infheistíocht a tugadh do Coillte in 2024. Is féidir teacht ar an tuarascáil sin anseo

Nótaí don Eagarthóir:

Téigh Amach Faoin Aer – Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027

Cuirfidh fógra an lae inniu go mór le cur i bhfeidhm Téigh Amach Faoin Aer, Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027 atá chun forbairt inbhuanaithe an áineasa faoin aer a neartú agus a chuidiú sna blianta amach romhainn.

Tá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillte i bhfeidhm ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta trí Mheabhrán Tuisceana (MT). Aontaítear san MT go gcuirfear €15 milliún ar fáil do Coillte sa tréimhse 2022-2026 chun feabhas a chur ar áiseanna áineasa ar thailte Coillte agus chun tacú le turasóireacht agus gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe i gceantair thuaithe.

Tagann sé seo sna sála ar an chomhaontú cúig-bhliana roimhe seo, lenar cuireadh maoiniú de €11 milliún ar fáil don tréimhse 2017-2021.

Coillte

Tá de fhreagracht ar Coillte, comhlacht foraoiseachta fo-stáit na hÉireann, bainistiú a dhéanamh ar 400,000 heicteár de thalamh a bhfuil an mhórchuid de faoi chrainn. Mar sin, is é an bainisteoir foraoise is mó in Éirinn é. Tá mar aidhm ag Coillte cothromaíocht a aimsiú idir bhuntáistí éagsúla a choillte don aeráid, don dúlra, don adhmad agus do dhaoine, agus na buntáistí sin a chur ar fáil. Is é Coillte an soláthraí is mó d’áineas faoin aer in Éirinn le 260 láthair áineasa foraoise, 12 páirc foraoise agus 6 ionad rothaíochta sléibhe ar fud na tíre.

Tá sonraí faoi mhaoiniú roimhe seo ar fáil sna tuarascálacha bliantúla arna ndéanamh ag Coillte, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Maoiniú do Shaoráidí Áineasa Faoin Aer