Fógraíonn an tAire Calleary breis is €17 milliún do 212 tionscadal pobail
- Foilsithe: 5 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Meitheamh 2025
- Infheistíocht leanúnach, tríd an gCiste Aitheantais Pobail, inár gclubanna spóirt, ionaid phobail, páirceanna, cosáin áineasa agus spásanna súgartha agus céadfacha.
- Faigheann tionscadail a thacaíonn le healaíona, cultúr agus feithiclí pobail maoiniú freisin.
- Comhlíonann an Rialtas a ghealltanas tacú le pobail áitiúla chun a bheith níos cuimsithí agus níos acmhainní.
Inniu (Déardaoin, an 5 Meitheamh), le linn cuairte ar Chontae Ros Comáin chun roinnt tionscadal forbartha tuaithe atá maoinithe ag a Roinn a sheoladh, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, breis is €17 milliún chun 212 tionscadal pobail a sheachadadh ar fud na tíre tríd an gCiste Aitheantais Pobail.
Seo an tríú fógra faoi thionscadail faoi chiste 2024, agus tabharfaidh sé buntáistí follasacha do phobail ar fud na tíre a chuir fáilte roimh dhaoine nua le blianta beaga anuas ina gcathracha, ina mbailte agus ina sráidbhailte.
San áireamh sa liosta de 212 tionscadal a fógraíodh inniu tá oibreacha feabhsúcháin ar ionaid phobail, raon leathan áiseanna áineasa, agus ceannach foirgneamh agus tailte le húsáid chomhroinnte ag pobail amach anseo.
Tá soláthar feithiclí pobail agus tionscadail a thacaíonn leis an earnáil ealaíon agus cultúir san áireamh san fhógra inniu freisin.
Rinne an tAire Calleary an fógra le linn cuairte ar chontae Ros Comáin, áit ar nocht sé naoi dtionscadal forbartha tuaithe.
I measc na dtionscadal atá á maoiniú inniu tá:
- Contae Cheatharlach – Baile Cheatharlach: Soláthar cosáin siúil inrochtana agus uasghrádú trealaimh chlós súgartha ag Scoil Speisialta Naomh Lasairian - €160,000
- Contae an Chláir - Bun Raite: Ceannach báid agus deisiúcháin báid do Chuardach agus Tarrtháil Bhun Raite - €86,000
- Contae Dhún na nGall – Carraig: Ceannach láithreáin i lár an tsráidbhaile do Ghrúpa Athghiniúna na Carraige chun spás sibhialta a chruthú - €130,000
- Cathair Bhaile Átha Cliath – Crois Araild: Soilsiú páirce atá ann cheana a athsholáthar ag Club Sacair Óige Chrois Araild - €100,800
- Contae na Gaillimhe - Bearna: Spás áiléir a fhorbairt chun seomraí cruinnithe pobail a chruthú d'Ionad Óige Bhearna/na bhForbacha - €120,000
- Cathair Luimnigh – Bóthar Gharraí Eoin: Cruthú spáis súgartha céadfach ag Scoil Cailíní agus Buachaillí Naomh Eoin - €144,249
- Contae Mhaigh Eo - Béal an Átha: Athsholáthar córais téimh in Ionad Ealaíon Bhéal an Átha - €50,000
- Contae Chill Mhantáin - Na Clocha Liatha: Oibreacha uasghrádaithe ar chlós súgartha an Chaisleáin Nua - €160,000
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá an-áthas orm fógra breise a dhéanamh faoin gCiste Aitheantais Pobail a chuirfidh leis na 349 tionscadal a fógraíodh roimhe seo faoi scéim 2024. Ciallaíonn an fógra inniu gur bronnadh maoiniú ar bhreis is 1,450 tionscadal anois faoin gCiste Aitheantais Pobail i gceann beagán os cionn dhá bhliain.
“Leanann an Ciste Aitheantais Pobail de thacaíocht a thabhairt do na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte a chuir fáilte roimh dhaoine nua ina bpobail le blianta beaga anuas. Chuir an maoiniú seo ar chumas na bpobal a bheith níos cuimsithí agus níos acmhainní trí raon áiseanna pobail agus spásanna pobail a sholáthar agus a fheabhsú.”
Ag labhairt ag an bhfógairt, dúirt an tAire Stáit le freagracht speisialta as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer:
“Tá áthas orm faoin bhfógra inniu ina bhfeictear 212 tionscadal eile á dtabhairt chun críche tríd an gCiste Aitheantais Pobail. Infheistíodh €100 milliún sa chiste seo anois i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre agus beidh an difríocht atá déanta ag an maoiniú seo ina fhreastal maith ar na pobail seo ar feadh na mblianta atá le teacht.
“Léiriú ar mhuintir na hÉireann agus ar an ‘meitheal’ sin atá fós mar chuid de chreatlach ár sochaí is í an chaoi ar chuir na pobail seo fáilte roimh dhaoine nua, go mairfidh sé i bhfad.”
Dúirt an tAire Calleary chomh maith:
“Ag teacht lenár gClár Rialtais agus ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, polasaí mo Roinne, táim tiomanta do thacaíochtaí a sholáthar dár bpobail uirbeacha agus tuaithe araon. Tacaíochtaí a chuirfidh ar a gcumas a bheith ina n-áiteanna cuimsitheacha, acmhainneacha agus inbhuanaithe le maireachtáil iontu agus le teaghlach a thógáil, le cuairt a thabhairt orthu agus le sóisialú.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na ngrúpaí pobail maidir le hiarratais a ullmhú agus a chur isteach faoin gCiste Aitheantais Pobail. Trí bhur gcúram agus bhur bpáisean do bhur bpobail, tá fíorathrú ag tarlú, agus tá bonneagar pobail á fheabhsú agus á fhorbairt níos mó ná riamh. Ag obair le chéile, táimid ag tógáil phobail na todhchaí.”
Tá sonraí faoi na 212 tionscadal a fógraíodh inniu ar fáil
Nótaí d’Eagarthóirí:
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Ón 2 Meitheamh 2025, is é an t-ainm a bheidh ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ná an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Is iad na teidil atá ag ár mbeirt Airí ná an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD agus an tAire Stáit le Freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD.
Ba cheart úsáid a bhaint as na teidil thuas agus tagairt á déanamh don Roinn agus do na hAirí as seo amach.
Rachaidh fógra an lae inniu chun tairbhe gach ceann den tríocha a haon limistéar údaráis áitiúil a rinne iarratas ar mhaoiniú faoi chéim 3 de Chiste Aitheantais Pobail 2024. Bhí leithdháileadh maoinithe comhaontaithe ag gach údarás áitiúil, ach ceanglaíodh ar na húdaráis méid áirithe den leithdháileadh sin a choinneáil i gcomhair na céime deiridh de leithdháileadh 2024. Chuir roinnt údarás áitiúil iarratas isteach ar gach ceann den trí chéim, agus chuir údaráis eile iarratas isteach ar cheann amháin de chéim 1 nó 2, agus ar chéim 3 ina dhiaidh sin.
An Ciste Aitheantais Pobail (CAP)
Tugadh an CAP isteach ar dtús in 2023 mar aitheantas ar na sár-iarrachtaí atá á ndéanamh ag pobail maidir le fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teacht go hÉirinn, agus an tacaíocht atá á tabhairt acu do na daoine sin.
Le linn leithdháileadh 2023, ceadaíodh €50 milliún i leith timpeall 900 tionscadal lenar tugadh tacaíocht do chathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre a chuir fáilte roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile.
Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do phobail, fógraíodh €50 milliún eile faoin Chiste Aitheantais Pobail i Márta 2024. Tá an maoiniú breise dírithe go sonrach ar thionscadail atá suite i gcathracha, bailte agus sráidbhailte ina bhfuil Tairbhithe de Chosaint Shealadach agus/nó Iarrthóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta á n-óstáil.
Tá an leithdháileadh seo á dhíriú ar thionscadail atá níos mó ná na tionscadail ar a ndíríodh in 2023, le híosmhéid de €50,000 in aghaidh an tionscadail, rud a dhéanfaidh fíor-leas follasach do phobail. Tá an Ciste Aitheantais Pobail á riar ag na húdaráis áitiúla ar leibhéal an chontae. Is féidir le húdaráis áitiúla iarratais faoin bhabhta reatha a chur isteach thar trí chéim, chun go n-éascófar solúbthacht chomh maith le rannpháirtíocht agus comhar leordhóthanach ar thionscadail mhóra. Ba iad na dátaí deiridh céimnithe chun iarratais a fháil ná Bealtaine 31ú, 2024, Meán Fómhair 30ú, 2024, agus síneadh curtha leis an gceann deireanach go Feabhra 28ú, 2025.
Tugadh faomhadh i leith 185 thionscadal faoi chéim 1 de Chiste Aitheantais Pobail 2024 i Lúnasa 2024, lenar bhain maoiniú de €16.5 milliún, agus tugadh faomhadh i leith 164 thionscadal eile i bhFeabhra 2025, lenar bhain maoiniú de €14.4 milliún.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin chiste trí chuairt a thabhairt ar Ciste Aitheantais Pobail