Os cionn €500k ceadaithe ag Dara Calleary do thograí spóirt i nGaeltacht Dhún na nGall
- Foilsithe: 15 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2025
- Cuirfidh tionscadail, atá maoinithe faoi Chlár Tacaíochta Pobail agus Teanga na Roinne, tacaíocht ar fáil do thrí chlub spóirt i gceantair Ghaeltachta.
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. inniu (Dé Luain, 15 Nollaig 2025) go bhfuil deontais suas le €508,872 ceadaithe aige do 3 thogra spóirt atá lonnaithe i limistéir éagsúla pleanála teanga i nGaeltacht Dhún na nGall. Is faoin gClár Tacaíochta Pobail agus Teanga de chuid a Roinne a ceadaíodh na tograí seo.
Is do CLG Chill Chartha, Ruagairí an Chéididh agus Cumann Gailf Chloich Cheann Fhaola atá na deontais ceadaithe agus tá idir athchóiriú áiseanna reatha agus tógáil áiseanna nua san áireamh mar ábhar na ndeontas.
CLG Chill Chartha
Tá deontas caipitil ar fiú suas le €116,894 ceadaithe do CLG Chill Chartha chun seomraí feistis nua a thógáil don pháirc traenála atá acu. Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCill Chartha i 2026 agus beidh na háiseanna nua seo ina gcuidiú ollmhór dóibh agus iad ag cur fáilte roimh chumainn ó cheann ceann na tíre.
Cumann Gailf Chloich Cheann Fhaola
Tá deontas suas le €327,561 ceadaithe do Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola ar an bhFál Carrach chun clubtheach nua a thógáil. Beidh oifig, seomraí feistis, seomraí stórála, taisceadáin laethúla, spás sóisialta, cistin, beár agus leithris sa chlubtheach nua seo.
Ruagairí an Chéididh
Tá deontas caipitil ar fiú suas le €64,417 ceadaithe do Chlub Sacair Ruagairí an Chéididh in Ailt a’ Chorráin chun seomraí feistis agus seomra réiteora a athchóiriú.
Ag fógairt na ndeontas inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Mar Aire Stáit Gaeltachta, táim tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta áiseanna den scoth a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal. Tá nasc tábhachtach idir an spórt agus an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tá ról lárnach ag cumainn spóirt sa phróiseas pleanála teanga. Beidh áiseanna nua den chéad scoth ar fáil mar thoradh ar na deontais seo a rachaidh go mór chun tairbhe do bhallraíocht na gcumann agus don phobal máguaird.
“Is samplaí maithe iad na tograí seo den chineál cúnaimh caipitil atá ar fáil faoin Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí Gaeltachta agus tá mé cinnte go mbeidh muintir na háite, idir óg is aosta ábalta leas a bhaint as na háiseanna éagsúla a bheas ann mar thoradh an mhaoinithe seo.
“Molaim obair na gcoistí agus iad ag iarraidh áiseanna peile, sacair agus gailf a fheabhsú do phobal na Gaeltachta agus níl aon amhras ach go mbeidh tionchar dearfach ag na tograí seo ar na ceantair ina bhfuil siad.”
Nótaí don Eagarthóir
Seo thíos briseadh síos ar na deontais éagsúla a ceadaíodh faoin fhógairt seo.
|
Deontaí |
Contae |
LPT |
Méid an Deontais |
% |
Ábhar an Deontais |
|
CLG Chill Chartha |
Dún na nGall |
Dún na nGall Theas |
€116,894 |
60% |
Seomraí Feistis nua a thógáil |
|
Ruagairí an Chéididh |
Dún na nGall |
Na Rosa |
€64,417 |
60% |
Seomraí Feistis agus seomra an réiteora a athchóiriú |
|
Cumann Gailf Chloich Cheann Fhaola |
Dún na nGall |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh |
€327,561 |
60% |
Clubtheach a thógáil |
|
|
Iomlán |
€508,872 |
|
Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus tá níos mó eolais fán chlár sin ar fáil ag gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (www.gov.ie)