Ceannach ‘Siopa Stuart’, Cill na Seanrátha, Co. an Chabháin, le maoiniú ón Bheart Fála Foirgnimh nó Talún faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte, fógartha ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 29 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2026
- Deimhnithe go hoifigiúil ag an Aire go dtabharfar maoiniú do Chomhairle Contae an Chabháin chun ‘Siopa Stuart’ a cheannach
- Maoiniú €240,000 curtha ar fáil faoin Bheart Fála Foirgnimh nó Talún de chuid na Scéime um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte, chun an t-iarfhoirgneamh miondíola seo a cheannach lena athfhorbairt mar spás pobail ilúsáide
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Déardaoin, 29 Eanáir 2026) go mbeidh Comhairle Contae an Chabháin ag ceannach an iarShiopa Stuart, Cill na Seanrátha le maoiniú ón Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte (SABS).
Cuireadh maoiniú de €240,000 ar fáil do Chomhairle Contae an Chabháin faoi Bheart Fála Foirgnimh nó Talún 2025 chun an costas iomlán a bhaineann le ceannach Shiopa Stuart a chlúdach.
Tá an foirgneamh seo, Siopa Stuart, a théann siar go dtí an 18ú hAois, suite in áit fheiceálach ar Phríomhshráid Chill na Seanrátha agus bhíodh ról tábhachtach aige i saol miondíola traidisiúnta an bhaile sular dúnadh é in 2005. Tá beartaithe go dtabharfar saol nua don fhoirgneamh mar spás pobail ilúsáide, ina mbeidh ionad cultúrtha chun tacú le ranganna Gaeilge agus damhsa a thabhairt ar ais. Bainfear úsáid as an talamh taobh thiar den fhoirgneamh chun síneadh a chur ar an ghairdín pobail atá ann cheana, agus díolfar na táirgí sa mhargadh feirme. Bainfear athúsáid as na tithe lasmuigh i gcomhair bhotháin áitiúla na bhfear agus na mban, agus don ghrúpa áitiúil bailte slachtmhara.
Déanfaidh Comhairle Contae an Chabháin sláine an fhoirgnimh a choimeád ar dtús, trína dhreach traidisiúnta agus an sráid-dreach i gcoitinne a thabhairt ar ais.
Tá an infheistíocht ón SABS sa bhaile seo ag teacht le cuspóirí Ár dTodhchaí Thuaithe agus Tús Áite do Lár an Bhaile maidir le tuilleadh daoine a mhealladh chun cónaí i mbailte tuaithe, chun infheistíocht a dhéanamh iontu agus chun sult a bhaint astu.
Agus é ag labhairt faoin fhógra, dúirt an tAire Calleary:
“Is mór an pléisiúr dom ceannach ‘Siopa Stuart’ ag Comhairle Contae an Chabháin faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte 2025 a fhógairt. Ó dúnadh Siopa Stuart mar shiopa miondíola in 2005, lean sé de bheith ag freastal ar an bpobal áitiúil trí thaispeántais ealaíne agus ranganna Gaeilge a óstáil, spás a chur ar fáil don Bhothán Fear áitiúil, agus trí ghníomhaíochtaí iomadúla eile sular druideadh é le linn phaindéim Covid. Fágann ceannach an fhoirgnimh seo gur féidir é a athfhorbairt, le tionchar ollmhór ar an mbaile.”
Dúirt an tAire an méid seo freisin:
“Fuair an tionscadal seo maoiniú faoin Bheart Fála Foirgnimh nó Talún 2025. Tá sé ar cheann de 33 thionscadal ar fud na tíre dár tugadh maoiniú de bhreis is €6.7 milliún faoin bheart seo. Tá an maoiniú seo ag tacú le ceannach foirgneamh folamh nó dearóil, nó ceannach talún i mbailte agus sráidbhailte, a úsáidfear amach anseo chun spásanna pobail ilchuspóra a chur ar fáil de réir chuspóirí na Scéime um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte (SABS) mar chuid den réimse beartas chun tacú le hathbheochan cheantair thuaithe na hÉireann. Tá an clár á mhaoiniú faoi Thionscadal Éireann 2040 mar chuid d’Ár dTodhchaí Thuaithe, Polasaí Forbartha Tuaithe na hÉireann. Ó cuireadh tús leis an Scéim in 2016, ceadaíodh breis is €210 milliún i gcomhair breis agus 1,900 tionscadal ar fud na tíre.
Áirítear trí shruth airgid i scéim 2025, an Beart Fála Foirgnimh nó Talún (BFFT), an Phríomhscéim agus an Beart Forbartha Tionscadail (BFT).
Dúnadh an BFFT i gcomhair iarratas an 2 Bealtaine 2025 agus cuireadh na húdaráis áitiúla ar an eolas faoi na hiarratais ar éirigh leo. Ar mhaithe le híogaireachtaí tráchtála, ní fhoilseofar sonraí faoi thionscadail aonair a bhfuil maoiniú á thabhairt dóibh go dtí go gcríochnófar an próiseas ceannacháin do na foirgnimh nó talamh atá faoi thrácht.
Faoi Bheart Fála Foirgnimh nó Talún 2025 de chuid na Scéime um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte, ceadaíodh maoiniú de €240,000 do Chomhairle Contae an Chabháin chun Siopa Stuart, Cill na Seanrátha, Co. an Chabháin a cheannach.
Dúnadh Príomhscéim agus BFT 2025 i gcomhair iarratas ag deireadh mhí Iúil agus fógraíodh toradh an phróisis measúnaithe iomaíoch an 22 Nollaig.
D’fhógair an tAire Calleary maoiniú de €26 milliún i gcomhair breis is 100 tionscadal ar fud na tíre. (preasráiteas anseo) Tacóidh an scéim le 77 dtionscadal ar éirigh leo faoi ‘Phríomhscéim’ SABS, dá dtabharfar maoiniú de €24.4 milliún. Ina theannta sin, tá €1.85 milliún á chur ar fáil i gcomhair 39 dtionscadal faoin ‘Bheart Forbartha Tionscadail’ de chuid an SABS. Faoin bheart seo, tacaítear le húdaráis áitiúla chun píblíne tionscadal a fhorbairt, agus cuirtear maoiniú ar fáil i gcomhair costas chun tionscadail a thabhairt ar aghaidh le go mbeidh siad réidh le tosú.
Tá an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte á riar ag na húdaráis áitiúla thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Lean an nasc seo i gcomhair tuilleadh eolais: An Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte.