Fógraíonn an tAire Calleary ceannach Theach Siamsa na Carraige, Baile na nGall faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
- Foilsithe: 5 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Eanáir 2026
- Deimhníonn an tAire maoiniú go hoifigiúil chun go mbeidh Comhairle Chontae Chiarraí in ann Teach Siamsa na Carraige a cheannach
- Cuireadh maoiniú €250,000 ar fáil faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte chun an seanmhol cultúir seo a cheannach d’fhonn a athfhorbairt mar ionad ealaíon ilchuspóireach a éascú
Inniu (Dé Luain, 5 Eanáir 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary gur cheannaigh Comhairle Chontae Chiarraí Teach Siamsa na Carraige, Baile na nGall, rud a maoiníodh tríd an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte.
Cuireadh maoiniú €250,000 ar fáil do Chomhairle Chontae Chiarraí faoin mBeart Ceannaithe Foirgnimh nó Talún 2025 chun costas iomlán cheannach Theach Siamsa na Carraige a chlúdach. Bhí an t-ionad seo ar cheann de thithe siamsa Amharclann Tíre na hÉireann, a tógadh sna 1970idí mar ionaid oiliúna do thallann traidisiúnta áitiúil trí mheán na Gaeilge. Cuireadh deireadh le gníomhaíochtaí an ionaid 20 bliain ó shin agus oibreoidh an pobal áitiúil anois le Comhairle Chontae Chiarraí chun pleananna a fhorbairt chun an foirgneamh a athnuachan agus a athchóiriú. Tá sé mar aidhm acu é a thabhairt ar ais le húsáid mar Ionad Ealaíon ilchuspóireach a sholáthraíonn clár éagsúil gníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge.
Tá an infheistíocht ón Scéim sa bhaile ag teacht le cuspóirí Ár dTodhchaí Tuaithe agus tosaíocht a thabhairt do lár an bhaile maidir le níos mó daoine a mhealladh chun cónaí, oibriú, infheistíocht a dhéanamh i mbailte tuaithe agus taitneamh a bhaint astu.
Ag labhairt faoin bhfógra, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom a fhógairt gur cheannaigh Comhairle Chontae Chiarraí Teach Siamsa na Carraige faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025. Is féidir Teach Siamsa, a bhí ina mhol bríomhar do ghníomhaíochtaí cultúir agus ealaíon san am atá thart, a athfhorbairt agus a athbheochan anois mar Ionad Ealaíon faoi stiúir an phobail.”
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Fuair an tionscadal seo maoiniú faoin mBeart Ceannaithe Foirgnimh nó Talún 2025. Tá sé ar cheann de 33 thionscadal ar fud na tíre ar bronnadh breis is €6.7 milliún orthu faoin mbeart seo. Tá an maoiniú seo ag tacú le ceannach foirgneamh folamh nó tréigthe, nó talún i mbailte agus i sráidbhailte a úsáidfear amach anseo chun spásanna pobail ilchuspóireacha a sholáthar i gcomhréir le haidhmeanna na Scéime Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte.”
Nótaí
Tá Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile mar chuid de raon beart chun tacú le hathbheochan cheantar tuaithe na hÉireann. Maoiníodh an clár faoi Thionscadal Éire 2040 mar chuid dár dTodhchaí Tuaithe, beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann. Ó tugadh isteach an Scéim in 2016, ceadaíodh breis is €210 milliún do bheagnach 1,900 tionscadal ar fud na tíre.
Tá trí shruth maoinithe i scéim 2025, an Beart Ceannaithe Foirgnimh nó Talún, an Phríomh-Scéim agus an Beart Forbartha Tionscadail.
Glacadh le hiarratais ar an mBeart Ceannaithe Foirgnimh nó Talún go dtí an 2 Bealtaine 2025, agus cuireadh na húdaráis áitiúla ar an eolas faoi iarratais ar éirigh leo. Ar chúiseanna íogaireachta tráchtála, ní scaoilfear sonraí faoi thionscadail aonair a fhaigheann tacaíocht ach amháin tar éis cur i gcrích ceannach na maoine nó na dtailte atá i gceist.
Faoin mBeart Ceannaithe Foirgnimh nó Talún 2025 de chuid an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, ceadaíodh maoiniú €250,000 do Chomhairle Chontae Chiarraí chun Teach Siamsa na Carraige, Baile na nGall, Contae Chiarraí a cheannach.
Ba cheann de dhá Theach Siamsa de chuid Amharclann Tíre na hÉireann i gContae Chiarraí é Teach Siamsa na Carriage agus cuireadh réimse gníomhaíochtaí cultúir agus ealaíon ar fáil trí mheán na Gaeilge ann. Tá sé beartaithe an foirgneamh a athchóiriú agus a nuachóiriú ionas gur féidir leis feidhmiú mar Ionad Ealaíon ilchuspóireach agus acmhainn luachmhar pobail a bheith ann arís.
Glacadh le hiarratais ar Phríomh-Scéim 2025 agus ar an mBeart Forbartha Tionscadail go dtí deireadh mhí Iúil agus fógraíodh toradh an phróisis mheasúnaithe iomaíoch ar an 22 Nollaig.
D’fhógair an tAire Calleary maoiniú €26 mhilliún do bhreis is 100 tionscadal ar fud na tíre. Tacóidh an Scéim le 77 dtionscadal ar éirigh leo i bpríomhscéim Athnuachana Bailte and Sráidbhaile a fuair maoiniú €24.4 mhilliún. Ina theannta sin, tá €1.85 mhilliún á chur ar fáil do 39 dtionscadal faoi Bheart Forbartha Tionscadail na Scéime. Tacaíonn an beart seo le húdaráis áitiúla sraith tionscadal a fhorbairt agus soláthraíonn sé maoiniú i dtreo na gcostas chun tionscadail a thabhairt go dtí an pointe ina bhfuil siad réidh le haghaidh tógála.
Rialaíonn na húdaráis áitiúla an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig: Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile.