Cuireann an tAire Calleary fáilte roimh iarratais ar an mBeart Faighte Foirgnimh agus Talún faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
- Foilsithe: 29 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2026
- Suas le €500,000 ar fáil d’údaráis áitiúla chun foirgnimh nó talamh a fháil le hathfhorbairt mar acmhainní pobail ilúsáide
- Is féidir le húdaráis áitiúla suas le 3 fhoirgneamh nó láithreán a fháil
- Leanann sé an Beart Faighte Foirgnimh agus Talún 2025 a thacaigh le húdaráis áitiúla 24 mhaoin a fháil ar fud na tíre a fhorbrófar anois lena n-úsáid ag an bpobal
Inniu, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, gairm nua ar thograí faoin mBeart Faighte Foirgnimh agus Talún sa Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte.
Dúirt an tAire Calleary:
“Tá an Beart Faighte Foirgnimh agus Talún ar cheann de shraith tacaíochtaí a chuir mo Roinnse i bhfeidhm chun tacú le pobail áitiúla ina gcuid oibre chun bailte agus sráidbhailte tuaithe a athnuachan agus chun beocht áiteanna tuaithe a fheabhsú.
“Táim tiomanta a chinntiú go dtógfaimid ar na leibhéil infheistíochta nach bhfacthas riamh cheana, a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas.”
Dúirt an tAire Stáit Jerry Buttimer faoi oscailt an bhirt:
“Is deis fhíor í an maoiniú seo d’údaráis áitiúla agus do phobail oibriú le chéile - chun foirgnimh atá folamh nó nach mbaintear a lán úsáid astu a chlaochlú ina spásanna beoga, ilchuspóireacha a chomhlíonann riachtanais áitiúla. Trí na réadmhaoine seo a thabhairt ar ais in úsáid ghníomhach, ní hamháin go bhfuilimid ag feabhsú cuma fhisiciúil ár mbailte agus ár sráidbhailte, ach ag cruthú áiteanna freisin inar féidir le daoine nascadh, comhoibriú agus pobail níos láidre a thógáil.”
Cuirfear maoiniú suas le €13 mhilliún ar fáil chun go mbeidh údaráis áitiúla in ann foirgnimh nó tailte folmha agus tréigthe a fháil. Faoin tionscnamh, is féidir le húdaráis áitiúla iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €500,000, ar féidir é a úsáid chun suas le trí fhoirgneamh nó láithreán a cheannach le hathfhorbairt mar shaoráidí pobail ilchuspóireacha nó mar bhonneagar.
Dearadh an maoiniú, faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte chun ár mbailte agus ár sráidbhailte a dhéanamh níos tarraingtí d’áiteanna cónaithe, cuairte, infheistíocht a dhéanamh agus teaghlach a thógáil iontu. Ó seoladh an scéim, leithdháileadh os cionn €210 milliún ar níos mó ná 1,900 tionscadal.
Ceannaíodh seantithe stáisiúin, scoileanna náisiúnta agus láithreáin lár bailte faoin Scéim Faighte Foirgnimh agus Talún 2025 le forbairt amach anseo mar spásanna pobail nua-aimseartha úsáideacha. Seo a leanas roinnt samplaí;
- €450,000 chun trí mhaoin thréigthe in aice láimhe a cheannach sa Chaisleán Nua, Contae Luimnigh le forbairt mar ionad ilchuspóireach don aos óg agus don phobal agus mar áis fiontraíochta sóisialta.
- €250,000 chun 'Teach Siamsa na Carraige' a cheannach, i mBaile na nGall i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí Thiar, chun an foirgneamh a athchóiriú agus a nuachóiriú mar ionad ealaíon ilchuspóireach. Ba cheann de "Thithe Siamsa" Amharclann Náisiúnta na hÉireann an t-ionad seo, a tógadh mar ionaid oiliúna do thallann traidisiúnta áitiúil trí mheán na Gaeilge.
- €100,000 chun suíomh úrnua i lár an bhaile, a cheannach i mBun Clóidí, Contae Loch Garman, le forbairt mar pháirc ina gcruthaítear nasc le hAbhainn na Sláine agus ina soláthraítear áiseanna poiblí don phobal.
Is féidir sonraí faoi na tionscadail uile a críochnaíodh faoin mBeart Faighte Foirgnimh agus Talún 2025 a fháil ar líne ag : An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile - Maoiniú atá ar fáil
Agus gairm ar thograí á hoscailt aige inniu faoin mBeart Faighte Foirgnimh agus Talún, spreag an tAire Calleary comhairlí chun oibriú le pobail chun foirgnimh nó talamh a chomhlíonann a gcuid riachtanas a aithint.
Dúirt an tAire Calleary:
“Tá tionchar thar a bheith dearfach ag an tionscnamh seo cheana féin ar fud cheantair thuaithe na hÉireann. Le tacaíocht ó mo Roinnse, tugadh na hacmhainní atá de dhíth orthu do chomhairlí chun foirgnimh nó tailte a cheannach atá díomhaoin le blianta.
“I bhfianaise rath an Bhirt Faighte Foirgnimh agus Talún go dtí seo, lena n-áirítear fáil 24 mhaoin faoi scéim 2025, tá áthas orm a fhógairt anois go bhfuil maoiniú breise ar fáil.
“Tugaim cuireadh inniu do gach údarás áitiúil incháilithe suas le trí fhoirgneamh nó limistéar talún a chur isteach lena gceannach, agus cuirfimid maoiniú suas le €500,000 ar fáil dóibh chun é sin a dhéanamh.
“Tabharfar foirgnimh nó tailte a cheannófar faoi úinéireacht phoiblí agus, níos tábhachtaí fós, déanfar spásanna díobh inar féidir leis an bpobal áitiúil teacht le chéile agus imeachtaí a reáchtáil.”
Nótaí
Bhí tionchar mór ag an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte ar bhailte agus ar shráidbhailte ar fud na hÉireann agus tacaíodh le pobail bheoga agus inbhuanaithe. Is féidir sonraí faoi Bheart Faighte Foirgnimh agus Talún 2026 a fháil anseo: An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile