Feachtas náisiúnta chun béim a leagan ar ról na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) seolta ag an Aire Jerry Buttimer
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 1 Bealtaine 2026
- Ceanglaíonn CFPÁnna grúpaí pobail le comhlachtaí poiblí
- Spreagtar Clubanna agus Grúpaí Deonacha le dul i gcomhar lena CFPÁnna
Inniu (Dé hAoine, 1 Bealtaine 2026) sheol an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, feachtas feasachta náisiúnta nua chun béim a leagan ar conas a dhéanann Coistí Forbartha Pobail Áitiúla comhlachtaí poiblí a cheangal le pobail ar fud Éireann.
Bunaíodh Coistí Forbartha Pobail Áitiúla i ngach ceantar údaráis áitiúil chun tacú le tionscnaimh forbartha pobail a chur i bhfeidhm agus chun tacú le cláir phobail cosúil leis an Chlár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (CCSGP), Cathracha Sláintiúla, an Clár um Chumhachtú Pobal agus an Clár Feabhsúcháin Áitiúil.
Agus é ag labhairt ag ócáid i gCathair Chorcaí chun an feachtas a sheoladh, dúirt an tAire Buttimer:
“Is mór an pléisiúr dom, mar Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, gur féidir liom tacú leis na CFPÁnna agus béim a leagan orthu ar fud Éireann, agus gur féidir liom feasacht a ardú faoin ról bunriachtanach atá acu ó thaobh tacú le pobail, seirbhísí a chomhordú, agus caighdeán maireachtála a fheabhsú ar fud na tíre.
“Tugann na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí pobail chun an bhoird chéanna, ionas gurbh fhearr an phleanáil agus comhordú a dhéantar ar sheirbhísí, agus go mbeidh na seirbhísí sin níos freagraí ar riachtanais áitiúla. Le linn an fheachtais seo, ba mhaith linn go mbeidh a fhios ag gach grúpa pobail agus cónaitheoir áitiúil go bhfuil struchtúr ann - an CFPÁ - le cuidiú leo chun oibriú le comhlachtaí poiblí, rochtain a fháil ar thacaíochtaí, agus todhchaí a gceantair a mhúnlú”.
Cuireann CFPÁnna le forbairt pobal áitiúil, trí ghníomhartha eacnamaíocha agus pobail atá laistigh de gach Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail.
Leagtar amach i bPleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail, i gcomhair tréimhse sé bliana, na cuspóirí agus na gníomhartha atá de dhíth chun tacú le forbairt eacnamaíoch agus pobail an cheantair údaráis áitiúil ábhartha.
Leis an fheachtas nua seo chun béim a leagan ar ról na CFPÁnna, spreagtar éinne a bhfuil baint acu le club, grúpa deonach, nó ar mhaith leo seirbhísí pobail níos fearr ina gceantar, spreagtar iad chun tuilleadh a fhoghlaim faoin chuidiú atá ar fáil óna CFPÁ áitiúil.
Dúirt Coilín Ó Reilly, Cathaoirleach Choiste Tuaithe, Pobail, Cultúir agus Oidhreachta Chumann Bainistíochta an Chontae agus na Cathrach agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Cheatharlach:
“Is cuid lárnach den rialtas áitiúil iad Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) agus tá ról tábhachtach acu ag tacú le forbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch phobail a chothú. Trí údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí agus leasanna pobail a thabhairt le chéile, cuireann na CFPÁnna cur chuige comhcheangailte chun cinn maidir le cláir a phleanáil agus a sheachadadh ar an leibhéal áitiúil, rud a chuidíonn le daonlathas áitiúil a neartú. Fáiltíonn an CCMA roimh an bhfeachtas seo mar chéim thábhachtach chun aird a tharraingt ar CFPÁnna mar sheirbhís phobail ríthábhachtach agus ar an ról atá acu i dtacaíocht a thabhairt do phobail ar fud na tíre.”
Dúirt Rebecca Loughry, Stiúrthóir Seirbhísí, Gnóthaí Corparáideacha, Pobail & Cultúrtha, Comhairle Cathrach Chorcaí:
“Thar ceann Chomhairle Cathrach Chorcaí, ba mhaith liom fáilte a chur roimh sheoladh an fheachtais thábhachtaigh seo. Is deis iontach í seo chun aird a tharraingt ar an obair thábhachtach déanta ag CFPÁnna ar fud na tíre. Mar phríomhoifigeach Chomhairle Cathrach Chorcaí, tá áthas ar leith orm gur roghnaigh an tAire Buttimer Cathair Chorcaí mar an suíomh chun feachtas cumarsáide feasachta náisiúnta agus áitiúil CFPÁ a sheoladh.”
Beidh an feachtas seo, dar teideal “Ár CFPÁnna - ag Forbairt Pobail Níos Fearr le Chéile”, ar siúl ón 1 Bealtaine 2026 ar feadh trí seachtaine ar fud raidió, podchraoltaí, na meáin chlóite agus na meáin ar líne.
Tabhair cuairt ar gov.ie/lcdc i gcomhair tuilleadh eolais.
Nótaí don Eagarthóir
Tá freagracht reachtúil agus straitéiseach ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta as feidhmiú na 33 Choiste Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) agus as forbairt agus cur i bhfeidhm na bPleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail (PÁEPanna) sé bliana i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Is é cuspóir an CFPÁ ná cur chuige ciallmhar comhtháite a fhorbairt, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i leith na forbartha áitiúla agus pobail.
Mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha RFTPG chun feasacht agus tuiscint ar CFPÁnna a fheabhsú, d’fhostaigh an Roinn comhairleoir cumarsáide, Match Marketing, i mí na Nollag 2024, i ndiaidh próisis soláthair phoiblí, chun feachtas cumarsáide a fhorbairt a bheadh le seoladh i mBealtaine 2026. Tá maoirseacht á déanamh ar an fheachtas ag Meitheal le hionadaithe ó na CFPÁnna, Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC), agus a bpríomhghrúpaí geallsealbhóirí, in éineacht le hionadaithe ábhartha ón roinn.
Is é cuspóir foriomlán an fheachtais ná feasacht phoiblí a ardú ar ról agus feidhm na CFPÁnna agus conas a chuireann siad le forbairt pobal áitiúil, trí ghníomhartha atá laistigh de gach Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail.
Tabhair cuairt ar gov.ie/lcdc chun tuilleadh eolais a fháil ar na CFPÁnna. Tá nasc díreach le gach ceann de na 33 CFPÁ anseo.