Coistí Forbartha Pobail Áitiúla
Is grúpaí iad Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) atá bunaithe i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Is iad seo a leanas a bhíonn mar bhaill de CFPÁnna:
- baill an údaráis áitiúil
- baill foirne an údaráis áitiúil
- daoine ó fhorais phoiblí a chuireann maoiniú ar fáil don cheantar
- daoine ó pháirtithe leasmhara an phobail áitiúil
- daoine ón phobal áitiúil
- daoine ó ghrúpaí forbartha áitiúla a fhaigheann maoiniú nó tacaíocht phoiblí
Baineann CFPÁnna úsáid as an taithí agus an saineolas atá ag daoine agus eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Lean an nuacht is déanaí faoi CFPÁnna ar na meáin shóisialta trí #lcdclechéile a úsáid
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2026