Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ár dTodhchaí Tuaithe: Tacaíocht fógartha ag na hAirí Jerry Buttimer agus Dara Calleary i gcomhair breis agus 5,400 tionscadal ar fud na tíre a rachaidh chun tairbhe beagnach 4,500 eagraíocht phobail faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2025

  • Tionscadail ar éirigh leo faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 fógartha ag na hAirí
  • Deontais bheaga le dul chun tairbhe grúpaí pobail ar fud na tíre
  • Béim láidir i ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’ ar thacaíocht do ghrúpaí pobail

Inniu (Dé hAoine, 13ú Meitheamh) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Phobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD, na tionscadail ar éirigh leo faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2025.

Seoladh Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 i Samhain 2024 le maoiniú de €7 milliún ar fáil aige, ina raibh €1 milliún de mhaoiniú reatha chun tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí áitiúla lena gcostais reatha leanúnacha. Tugtar tacaíochtaí caipitil faoin mhaoiniú seo atá bunriachtanach don iliomad grúpaí agus eagraíochtaí pobail, go háirithe dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheantair faoi mhíbhuntáiste i gceantair tuaithe agus uirbeacha. Tabharfar maoiniú do bheagnach 4,500 eagraíocht phobail, le breis agus 5,400 tionscadal aonair á maoiniú.

Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta á riar ag na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil i ngach ceantar.

Agus é ag fógairt na dtionscadal rathúil inniu, dúirt an tAire Buttimer:

“Is í an aidhm atá ag an gClár Feabhsúcháin Áitiúil ná lámh chúnta a thabhairt dár ngrúpaí agus clubanna áitiúla atá mar bhuncloch le saol pobail na hÉireann.”

“Ónar ceapadh mé bhí sé de phléisiúr agam cuairt a thabhairt ar mhéid mór de na grúpaí pobail a bhainfidh tairbhe as deontais faoin CFÁ – cé gur beag iad na tionscadail a maoineofar, is mór a luach do na grúpaí sin.”

“Le breis agus 5,000 tionscadal ceadaithe, is líonmhar iad na pobail agus na daoine a bhainfidh tairbhe as na deontais seo.”

Ina theannta sin, dúirt an tAire Buttimer:

“Leis an maoiniú atá á fhógairt agam inniu, cinnteofar gur féidir le pobail ar fud na tíre leanúint den obair thábhachtach atá ar siúl acu, agus is cúis áthais dom go bhfuil rachaidh sé chun tairbhe chuile contae. Tá an Rialtas seo tiomanta do thacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla agus a dtodhchaí á cruthú acu.”

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach Comhairle Contae agus leis na Coistí um Fhorbairt Phobail Áitiúil as a gcúnamh maidir leis an gciste seo a riar.”

Agus na tionscadail rathúla á bhfógairt aige freisin, dúirt an tAire Dara Calleary:

“Leanann Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 ar aghaidh de bheith ag cur leis na tacaíochtaí ríthábhachtacha arna gcur ar fáil do ghrúpaí pobail trí na leaganacha roimhe seo den gciste, agus cuidiú á thabhairt dóibh chun a n-áiseanna a fheabhsú. Cuireann sé maoiniú mionscála ar fáil do thionscadail, bíodh sé i gcomhair trealamh TF a cheannach nó mion-athchóirithe a dhéanamh ar fhoirgnimh, agus i mbliana thug sé deis do ghrúpaí iarratas a chur isteach i gcomhair cúnaimh lena gcostais oibríochtúla.

“Is mór an tionchar atá ag an gClár Feabhsúcháin Áitiúil, agus cuireann sé ar chumas grúpaí pobail tabhairt faoina n-obair fhíorluachmhar a dhéanann siad ar son a gceantar áitiúil ar fud na tíre.”

Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo ar fáil anseo.


Nótaí d’eagarthóirí:

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta

Ón 2 Meitheamh 2025, is é an t-ainm a bheidh ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ná an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Is iad na teidil atá ag ár mbeirt Airí ná an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD agus an tAire Stáit le Freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD. Ba cheart úsáid a bhaint as na teidil thuas agus tagairt á déanamh don Roinn agus do na hAirí as seo amach.

An Clár Feabhsúcháin Áitiúil

Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 dírithe ar fheabhasúchán a dhéanamh ar áiseanna i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Tugtar deontais bheaga faoin chlár do ghrúpaí pobail de réir Phleananna Áitiúla Pobail agus Eacnamaíocha gach ceantair.

Seoladh an Clár Feabhsúchán Áitiúil i Samhain 2024. Tháinig an ciste in ionad Chlár Feabhsúcháin Pobail na Roinne.

Tá an maoiniú á riar go háitiúil ag Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁanna) fud fad na tíre, le tacaíocht óna nÚdaráis Áitiúla. Tá sonraí teagmhála do na CFPÁanna ar fáil anseo.

Liosta leithdháiltí de réir an chontae ar fáil anseo.