Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: €159,461 fógartha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire O'Brien do 101 tionscadal áitiúil i nDún na nGall faoin gClár um Fheabhsú Pobail
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Tionscadail a d'éirigh leo faoin gClár um Fheabhsú Pobail 2021 fógartha ag na hAirí
- Deontais bheaga le dul chun leasa grúpaí pobail ar fud Dhún na nGall
Tá na tionscadail a d'éirigh leo i nDún na nGall faoin gClár um Fheabhsú Pobail 2021 fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD agus ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanais, Joe O'Brien TD.
Seoladh an Clár um Fheabhsú Pobail 2021 i mí Bealtaine 2021 agus bhí maoiniú €4.5m ag dul leis óna gcuirfí deontais bheaga ar fáil do ghrúpaí pobail ar fud na tíre. Fuair Co. Dhún na nGall leithroinnt €159,461 ón Roinn faoin gclár. Ba é príomhthéama chlár na bliana seo ná bheith ag tacú le grúpaí fad a mbíonn siad ag athoscailt saoráidí a bhí dúnta de dheasca COVID-19. D'fhéadfadh saoráidí amhail ionaid phobail, botháin na bhfear agus botháin na mban, hallaí paróiste agus ionaid ógra a bheith san áireamh leis sin.
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann maoiniú ar an gClár um Fheabhsú Pobail agus tá sé á riar ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil i ngach ceantar, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil. Tá liosta iomlán de na tionscadail a d'éirigh leo i nDún na nGall curtha ar fáil i dteannta an phreasráitis seo, agus is féidir teacht air ag gov.ie
Ag fógairt na dtionscadal seo a d'éirigh leo i nDún na nGall inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Ta ríméad orm maoiniú a fhógairt inniu do 101 tionscadal áitiúil ar fud Chontae Dhún na nGall mar chuid de Chlár um Fheabhsú Pobail de chuid mo Roinne."
"Leis an mbeartas 'Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann', ba mhaith liom tacú le tionscadail atá á dtreorú ag muintir na háite, ón mbun aníos, i bpobail áitiúla ar fud na tíre. Cé gur deontais bheaga iad seo, d'fhéadfaidís an-difríocht a dhéanamh mar go gcuirfidh siad ar chumas eagraíochtaí pobail áitiúla tabhairt faoi obair atá ag teastáil go géar sa cheantar."
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil, agus an tÚdarás Áitiúil i nDún na nGall a dhéanann an Clár um Fheabhsú Pobail a riar thar ceann mo Roinne."
Is éard a dúirt an tAire O'Brien agus na tionscadail a d'éirigh leo á bhfógairt:
- "Cuirtear réimse deontas beag, atá thar a bheith luachmhar, ar fáil leis an gClár um Fheabhsú Pobail chun cúnamh a thabhairt do ghrúpaí pobail agus do shaoráidí níos lú a thacaíonn leis an bpobal óna n-áit i measc an ghnáthphobail. Tá a fhios agam gur uirlis tábhachtach é an maoiniú seo chun cabhrú leis na grúpaí seo agus bhí tuiscint faoi leith againn i mbliana, mar gheall ar thionchar COVID-19, go mbeadh tacaíochtaí ag teastáil ó go leor grúpaí chun cuidiú leo athoscailt agus iad féin a chur ar a mboinn arís go hiomlán. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na tionscadail a d'éirigh leo, agus buíochas a ghabháil leo as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad chun seirbhísí a chur ar fáil ina bpobal áitiúil. ”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
- Tá an Clár um Fheabhsú Pobail (CEP) dírithe ar shaoráidí a fheabhsú i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Cuirtear deontais bheaga ar fáil leis do ghrúpaí pobail ar bhealach atá ag teacht le Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail gach limistéir.
- Sa bhliain 2018 a seoladh an Clár den chéad uair. Idir an bhliain 2018 and deireadh na bliana 2020, cuireadh maoiniú ar fáil d'os cionn 8,000 tionscadal ar fud na tíre tríd an CEP. Tá liosta de na tionscadail a fuair maoiniú sa bhliain 2020 le fáil ag an nasc seo a leanas: Tuarascálacha ar an gClár um Fheabhsú Pobail
- Is Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDCanna) ar fud na tíre a dhéanann an maoiniú a riar go háitiúil, le cúnamh óna nÚdarás Áitiúil. Tá sonraí teagmhála na LCDCanna ar fáil anseo.