Breis feasachta le cruthú i measc na n-óg ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge le ceadú €1.5m fógartha ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Bealtaine 2025
- Breis airde le tarraingt ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge do dhaoine óga agus buaic-mhaoiniú 3 bliana ceadaithe do Ghluaiseacht - seó bóthair feasachta idirghníomhach de chuid Chonradh na Gaeilge
- Freastal le déanamh go díreach ar 42,250 duine óg in aghaidh na bliana
- Foireann breise le fostú, comhordaitheoir ina measc
D’fhógair Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, ceadú deontais mhéadaithe de €1.5m thar thréimhse trí bliana (2025-2027) do Chonradh na Gaeilge inniu chun leanúint de a bheith ag riar a thionscadail ‘Gluaiseacht’.
Faoin tionscadal seo, spreagtar daoine óga chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach coinsiasach, agus cuirtear na bealaí uile ar féidir leo an teanga a úsáid ar a súile. Cuirtear béim sa mhéid seo ar na buntáistí éagsúla a bhaineann léi, go háirithe ó thaobh buntáistí eacnamaíocha agus na deiseanna fostaíochta. Déantar é seo go príomha tríd an seó bóthair - ceardlann idirghníomhach do dhaoine óga atá ag freastal ar iar-bhunscoileanna, ar institiúidí tríú leibhéal agus/nó ar choláistí samhraidh.
Chomh maith leis sin, freastalaíonn foireann Ghluaiseacht ar aontaí gairmeacha agus ar imeachtaí chun daltaí agus mic léinn, mar aon leo siúd a bhfuil suim acu in athrú gairme, a chur ar an eolas faoi na deiseanna éagsúla, dinimiciúla agus ionchuimsitheacha atá ar fáil sa tseirbhís phoiblí dóibh siúd le hinniúlacht sa Ghaeilge.
Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) in 2021, foilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 i mí Dheireadh Fómhair 2024, mar aon leis an athrú chlaochlaithe i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, beidh feasacht a ardú ar na deiseanna gairme atá ann dóibh siúd le Gaeilge lárnach do na hiarrachtaí seo. Ar ndóigh is é ceann de phríomhspriocanna na reachtaíochta teanga ná go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
Chun an cuspóir seo a bhaint amach, cuid den mhór-obair a bheidh ar bun is ea daoine óga a choinneáil ag úsáid a gcuid scileanna teanga, is cuma cén conair gairme a roghnaíonn siad. Tá an tionscadal Gluaiseacht - trína fheidhmeanna agus naisc leathana - riachtanach mar sin chun aird a tharraingt ar na conairí agus na deiseanna gairme éagsúla atá ann san earnáil phoiblí dóibh siúd le Gaeilge. Is chuige sin atá an maoiniú is mó seo go dáta ceadaithe - suas 177% ó dheontas 2023-2024.
Agus an maoiniú suntasach seo á fhógairt aige, dúirt an tAire Dara Calleary:
“Is mór agam go bhfuil ar chumas mo Roinne leanúint de bheith ag tacú leis an tionscadal uaillmhianach cothaithe feasachta seo atá á riar ag Conradh na Gaeilge, ag cur béime ar na deiseanna gairme éagsúla atá ar fáil le Gaeilge agus faoina spreagtar daoine óga a gcuid scileanna teanga a choinneáil, a chothú agus a fhorbairt le linn a mblianta oideachais, agus go deimhin, nuair a bhogann siad ar aghaidh chuig fostaíocht.
“Tagann Gluaiseacht go láidir le bunaidhm de chuid na hAchta Teanga agus an Phlean Náisiúnta a d’fhoilsigh mo Roinn anuraidh – is é sin go dtiocfaidh borradh mór faoi líon na ndaoine a bhfuil ar a gcumas acu seirbhísí poiblí a sholáthar go dátheangach agus a bhaineann úsáid ghníomhach as an nGaeilge ina gcuid gnóthaí oibre ó lá go lá.
“Is minic ráite agam go mbraitheann an bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach go mór ar chuspóir earcaíochta 20% an Achta, chomh maith leis na straitéisí éagsúla atá á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn chun éiceachóras a chruthú ina bhfuil an Ghaeilge i gcroílár sholáthar na seirbhíse poiblí.
“Chun an líon foirne atá ar fáil chun na seirbhísí sin a sholáthar a threisiú, ní mór dúinn díriú ar dhaoine óga sa chóras oideachais agus a rá leo go bhfuil na deiseanna seo ann. Déanann an tionscadal seo é sin go díreach agus táim sásta maoiniú breise a chur ar fáil chun leanúint ar aghaidh leis sin don todhchaí.”
Nótaí d'Eagarthóirí
Mar chuid den deontas méadaithe seo, tá i gceist go ndéanfar:
- foireann breise a earcú chun freastal ar bhreis aontaí gairme agus ceardlanna;
- méadú bliantúil ar líon na ndaltaí agus mac léinn atá cláraithe ar an mbunachar sonraí;
- nuachtlitir, leabhrán fostaíochta agus póstaer a oiriúnú do dhaltaí dara leibhéal agus dóibh siúd a fhreastalaíonn ar na haontaí gairmeacha;
- breis cuairteanna ar chúrsaí samhraidh Gaeilge.
Bileog Eolais Dhátheangach faoi Phoist Fhéideartha
Gluaiseacht/Seó Bóthair - GA/EN
Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 – GA/EN
Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ná a chinntiú go gcuirtear seirbhísí poiblí ar ard-chaighdeán ar fáil trí Ghaeilge. Tríd an Acht leasaithe, tá i gceist líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí sin a fheabhsú agus a mhéadú go mór, agus cur le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, rud a chuirfidh ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol – ach go háirithe ina bplé leis an Stát.
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 – GA/EN
Is plean straitéiseach, uaillmhianach 6-bliana atá sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030. Is é an chéad phlean dá leithéid riamh i stair an Stáit agus is gné lárnach a bheidh ann sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021. Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an Plean Náisiúnta - atá bunaithe ar chúig théama straitéiseach ar leith, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuireann siad ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach. Tabharfaidh sé conair freisin chun líon na foirne atá inniúil i nGaeilge a mhéadú chun soláthar na seirbhísí seo a éascú, i ndáil le sprioc earcaíochta an Achta; go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030.