An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Rúnaí Cúnta um Infheistíocht Iompair agus Beartas Iompair Poiblí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá sé réimse faoi stiúir Phríomhoifigeach sa Cholún Iompair Phoiblí ina bhfuil na príomhréimsí freagrachta seo a leanas:
- cláir infheistíochta a threorú, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí iompair agus leis na húdaráis áitiúla, i mbonneagar agus i seirbhísí iompair phoiblí, chun Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta (NSOanna) an Chreata Pleanála Náisiúnta (NPF) a sheachadadh;
- forbairt agus cúnamh a thabhairt beartais a chur i bhfeidhm do gach réimse, lena n-áirítear ionchur a thabhairt do bheartas níos leithne Rialtais agus do thionscnaimh Chlár Rialtais (e.g. iompar poiblí, pleanáil spásúil náisiúnta, agus athrú aeráide);
- maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh phleananna infheistíochta iompair phoiblí an Rialtais ag na gníomhaireachtaí Stáit faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus Tionscadal Éireann 2040 i gcomhréir le freagrachtaí na Roinne mar an tÚdarás Formheasa deiridh;
- maoirseacht rialachais ar chomhlachtaí Stáit atá bainteach leis an earnáil iompair phoiblí; agus
- acmhainn anailíseach agus taighde straitéiseach a chinntiú chun tacú leis an Roinn, ag cinntiú go bhfuil forbairt agus meastóireacht beartais agus cláir bunaithe ar fhianaise agus ar chuspóirí.