An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tuarascálacha ar Dhualgas na hEarnála Poiblí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn comhionannas a chur chun cinn, leithcheal a chosc agus cearta an duine a chosaint dá chuid fhostaithe, custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige. Is oibleagáid dhlíthiúil é sin, ar a dtugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, agus eascraíonn sé as Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.
I gcomhréir le Misean agus Luachanna na Roinne, de réir mar atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise 2025–2028 atá i bhfeidhm ag an Roinn faoi láthair, tá Dualgas na hEarnála Poiblí i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Déanaimid ár ndícheall chun a chinntiú go bhfuil ár gcuid seirbhísí agus ár mbeartais uile inrochtana dár gcuid custaiméirí uile agus go mbímid ag plé lenár bpáirtithe leasmhara uile ar bhealach cothrom measúil fiúntach.
Sna tuarascálacha seo a leanas, cuirtear in iúl na gníomhartha a rinneadh chun ár gcuid oibleagáidí faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí a chomhlíonadh, an bhliain 2025 san aireamh: