Ceadú rialtais faighte ag an Aire Foley an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2025 a fhoilsiú
- Foilsithe: 3 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Eanáir 2026
Tá ceadú comh-aireachta faighte ag an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2025 a fhoilsiú.
Déanfaidh an Bille an tAcht um Chúram Leanaí, 1991 a leasú agus a nuashonrú, a chlúdaíonn réimse saincheisteanna lena n-áirítear leanaí a chur i gcúram trí chomhaontuithe deonacha agus orduithe cúirte.
Tá sé dírithe ar athruithe i seirbhísí leasa agus cosanta leanaí in Éirinn a léiriú, agus forbairtí reachtacha, beartais agus cleachtais a chur in iúl.
Forálfaidh an Bille do chomhoibriú agus comhordú níos fearr ar fud gníomhaireachtaí agus ranna, ag cur freagairt níos sofhreagrúla chun cinn ar fud an Stáit maidir le leanaí a choinneáil cosanta ó dhochar.
I measc na bpríomhghnéithe den bhille tá:
- Tabhairt isteach an dualgais chun comhoibriú le comhlachtaí ábhartha, amhail Tusla, ranna rialtais agus eile. Ceanglóidh sé sin ar eagraíochtaí comhoibriú go réamhghníomhach agus a bhfeidhmeanna reatha atá ábhartha d’fhorbairt, leas agus cosaint linbh á gcomhlíonadh.
- Bunús soiléir maidir le faisnéis a roinnt idir gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí agus iad ag obair le chéile ar chúinsí cosanta leanaí agus leasa leanaí faoin dualgas comhoibrithe nua.
- Is féidir le cúramóirí altrama iarratas a dhéanamh ar chearta tuismitheoirí breise tar éis trí bliana seachas cúig bliana, rud a chabhraíonn chun socruithe seasmhacha fadtéarmacha a chruthú do leanaí faoina gcúram.
- Tabhairt isteach athbhreithnithe rialta ar orduithe cúraim do leanaí agus athruithe ar an tréimhse ama atá le cuid d’orduithe cúraim.
- Coiste Feidhmithe agus Idirghníomhaireachta um Chúram Leanaí bunaithe le Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit a sholáthraíonn seirbhísí do theaghlaigh agus do leanaí a bhfuil Tusla ar an eolas fúthu a thabhairt le chéile.
Ag fáiltiú di roimh cheadú rialtais d’fhoilsiú an Bhille, dúirt an tAire Foley:
“Baineann cosaint leanaí le gach aon duine. Tá a fhios againn go bhfuil dúshláin ag baint le tacaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil do na leanaí agus teaghlaigh is leochailí. Seo an fáth a bhfuil dualgas comhoibrithe á bhunú againn maidir le leanaí agus teaghlaigh a bhfuil Tusla ar an eolas fúthu agus a bhfuil an Coiste Idirghníomhaireachta á bhunú againn le gach grúpa a thabhairt le chéile.
Tá áthas an domhain orm athruithe a chur i bhfeidhm do thuismitheoirí altrama. Nuair a bhíonn caidreamh seanbhunaithe agus láidir acu le leanbh faoina gcúram, laghdaíonn an Bille seo an t-am a ghlacann sé orthu iarratas a dhéanamh ar chearta tuismitheoirí breise don leanbh sin ó chúig bliana go trí bliana. Cabhróidh sé sin leo déileáil le cúraimí laethúla, amhail cead a thabhairt do leanaí dul ar thurais scoile nó chuig ceolchoirmeacha.”
Cuirfear leasuithe ar an mBille i bhfeidhm chun cumhachtaí agus stádas an Phainéil Athbhreithnithe Náisiúnta a bhreisiú, a dhéanann athbhreithnithe ar bhásanna agus eachtraí tromchúiseacha leanaí. Cuireann siad tuarascálacha ar fáil le moltaí chun caighdeán na seirbhísí a sholáthraítear do leanaí agus do theaghlaigh a fheabhsú.
Arsa an tAire Foley:
"Beidh athrú breise ar an reachtaíocht á thabhairt isteach agam chun an Painéal Athbhreithnithe Náisiúnta a chur ar bhonn reachtúil, chomh luath is féidir. Tá meas ar an bPainéal Athbhreithnithe Náisiúnta de thairbhe neamhspleáchas a chuid oibre agus neartófar níos mó ina leith sin é ach é a chur ar bhonn reachtúil.”
Foilseofar an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2025 sna laethanta amach romhainn agus cuirfear chun cinn é trí Thithe an Oireachtais.
Tháinig an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2025 chun cinn tar éis tionscadal chun an tAcht um Chúram Leanaí, 1991 a athbhreithniú agus a nuashonrú. Tugadh achoimre ar an tiomantas chun an tAcht um Chúram Leanaí, 1991 a nuashonrú ar dtús i gcreatlach an pholasaí náisiúnta Torthaí Níos Fearr Todhchaí Níos Gile (BOBF) agus é athluaite ó shin i gClár nua an Rialtais.
Chuaigh an Roinn i gcomhairle le páirtithe leasmhara trí roinnt imeachtaí, aighneachtaí i scríbhinn agus cruinnithe déthaobhacha ó 2017, choimisiúnaigh sí taighde ar roinnt téamaí agus chuaigh sí i mbun oibre go minic le Tusla. Tá tuilleadh faisnéise ar an Athbhreithniú ar an Acht um Chúram Leanaí ar fáil anseo: Athbhreithniú ar an Acht um Chúram Leanaí, 1991
Tabharfaidh an Bille treoirphrionsabail isteach atá deartha leis an mbéim a leagan níos mó ar leas an libh. Ailíneoidh sé reachtaíocht na hÉireann le ceanglais Choinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh níos fearr agus déanfaidh sé Airteagal 42A den Choinbhinsiún ar chearta an linbh a neartú.
Nótaí don Eagarthóir:
Is é an tAcht um Chúram Leanaí, 1991 an phríomhreachtaíocht a rialaíonn polasaí cúraim leanaí (cúram malartach) agus cosanta leanaí in Éirinn. Is reachtaíocht fhorleathan é Acht 1991, ina bhfuil sé mar phríomhchúram leas leanaí arbh fhéidir é nach bhfuil cúram ná cosaint chuí á bhfáil acu a chur chun cinn.
Clúdaíonn an tAcht na príomhghnéithe seo a leanas:
- Leas leanaí a chur chun cinn trí thacaíocht teaghlaigh, agus idirghabhálacha cosanta agus leasa leanaí;
- Bearta éigeandála nuair atá leanaí i mbaol práinneach;
- Leanaí a chur faoi chúram trí:
- chomhaontú (cúram deonach), agus
- orduithe cúirte;
- Cúram cuí a chur ar fáil do leanaí faoi chúram Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, lena n-áirítear dul i ngleic le fadhbanna ar nós socruithe rochtana agus tacaíocht iarchúraim do leanaí ag fágáil cúraim, agus rialacháin a dhéanamh faoin Acht maidir le cúram altrama, cúram cónaithe agus socrúchán le gaolta.
- Rialú seirbhísí luathbhlianta i gCuid VIIA.
In Iúil 2021, chuir an Roinn tograí beartais faoi bhráid an Rialtais agus fuarthas ceadú do dhréachtú Scéime Ginearálta do Bhille (Leasú) ar an Acht um Chúram Leanaí, 1991.
Ar an 14 Aibreán 2023, d’aontaigh an Rialtas leis an dréachtú tosaíochta den Bhille um Chúram Leanaí (Leasú), 2023 i gcomhréir leis an Scéim Ghinearálta agus Ceannteidil an Bhille, cur ar aghaidh an Scéim Ghinearálta go dtí an Comhchoiste Oireachtais um Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige lena ghrinnscrúdú go réamhreachtach, agus foilsiú na Scéime Ginearálta ar shuíomh gréasáin na Roinne. Tugadh faoi ghrinnscrúdú réamhreachtach ar an 9 agus 16 Bealtaine 2023 agus ba é an Comhchoiste Oireachtais um Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige mar a bhí ag an am a d’fhoilsigh an tuarascáil i mí Meithimh 2023.
Ar an 23 Aibreán 2024, d’aontaigh an Rialtas dhá chuid a dhéanamh den Bhille. Rinne an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2024 leasuithe do Chuid VIIA d’Acht 1991 le cead a thabhairt d’fheighlithe leanaí tabhairt faoi chlárúchán le Cigireacht Luathbhlianta Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) ó mhí Mheán Fómhair 2024.
Baineann an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2025 le leas agus cosaint leanaí, agus san áireamh leis tá:
- Tabhairt isteach treoirphrionsabal atá deartha le béim níos mó a leagan ar leas leanaí.
- Tabhairt isteach an dualgais chun comhoibriú le comhlachtaí ábhartha, amhail Tusla, ranna rialtais agus eile. Ceanglóidh sé sin ar eagraíochtaí comhoibriú go réamhghníomhach agus a bhfeidhmeanna reatha atá ábhartha d’fhorbairt, leas agus cosaint linbh á gcomhlíonadh.
- Áirítear leis an dualgas comhoibrithe forálacha chun faisnéis a roinnt idir eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí maidir le cúinsí cosanta leanaí agus leasa leanaí. Rialófar é seo trí rialacháin le cinntiú go bhfuil roinnt faisnéise cuí agus comhréireach.
- Bunú Coiste Feidhmithe agus Idirghníomhaireachta um Chúram Leanaí. Tabharfaidh an Coiste seo le chéile Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit a sholáthraíonn seirbhísí do theaghlaigh agus do leanaí a bhfuil Tusla ar an eolas fúthu.
- Athruithe ar roinnt orduithe cúraim agus socruithe eile chun leanaí a chosaint, lena n-áirítear tabhairt isteach athbhreithnithe rialta agus athruithe ar an tréimhse ama atá le cuid d’orduithe cúraim.
- Laghdú san am a ghlacann sé iarratas a dhéanamh ar chearta tuismitheoirí breise le haghaidh cúramóirí altrama.