Fógraíonn an tAire Foley go bhfuil rún ann col ceathracha a chur san áireamh i gClár Aitheanta faoin Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley go bhfuil rún ann col ceathracha a chur san áireamh i gClár Aitheanta faoin Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022

D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, go bhfuil rún aici ann col ceathracha a chur san áireamh mar bhaill teaghlaigh incháilithe ar féidir leo páirt a ghlacadh i gClár Aitheanta faoin Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022.

Rinne sí an fhógairt tar éis cruinniú Comh-aireachta ar maidin mar ar tugadh faomhadh an Rialtais di chun na leasuithe riachtanacha ar Acht 2022 a dhréachtú.

Chuir an tAire na moltaí faoi bhráid an Rialtais de bhun comhairle eolaíochta chun dáta a thug Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann di, agus a thacaíonn le col ceathracha a chur san áireamh i gClár Aitheanta faoi Acht.

Má ritheann Tithe an Oireachtais an reachtaíocht riachtanach, beidh col ceathracha leanaí a gcreidtear gur cuireadh i gcré an iar-Árais Máithreacha agus Naíonán i dTuaim iad in ann páirt a ghlacadh sa Chlár Aitheanta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an suíomh.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Foley:

“Tá a fhios agam go bhfuil an Clár Aitheanta an-tábhachtach do dhaoine a chreideann go bhfuil baill teaghlaigh dá gcuid curtha sa chré ar shuíomh an iar-Árais Máithreacha agus Naíonán i dTuaim.

Chuir Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann ar an eolas mé le déanaí faoi fhorbairtí eolaíochta ó achtú na reachtaíochta a thugann caoi dúinn meaitseáil ADN a dhéanamh atá ar chaighdeán atá sách sásúil go dtacóidh sí le col ceathracha a chur san áireamh i gClár Aitheanta.

Tuigim go bhfuil col ceathracha ann a bhfuil spéis acu páirt a ghlacadh i gClár Aitheanta Thuama. Mar sin, bhí díograis orm féin agus ar an Rialtas gníomhú go tapa ina leith sin nuair a tugadh an chomhairle eolaíochta chun dáta.

Tá an Rialtas tar éis faomhadh a thabhairt do mo mholadh leasú a dhéanamh ar an Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 chun col ceathracha a chur san áireamh i gClár Aitheanta.”

Anois, beidh oifigigh sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ag obair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun leasuithe a dhréachtú ionas gur féidir iad a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais chomh luath agus is féidir.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat