Fógraíonn an tAire Joe O’Brien 18 tionscadal atá le maoiniú faoin gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta 2023
- Foilsithe: 17 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cuirfear €2.9m ar fáil do 18 eagraíocht, thar thréimhse trí bliana, chun tionscadail náisiúnta agus réigiúnacha ag tacú le lánpháirtíocht imirceach a chur i gcrích.
D’fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Lánpháirtíocht agus Carthanais, Joe O’Brien, inniu an 18 tionscadal atá chun maoiniú de €2,872,412 a fháil, thar thréimhse trí bliana, faoin gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta 2023.
Bunaíodh an CLN mar fhreagra ar Aicsean 6 den Straitéis um Lánpháirtíocht Imirceach– Eolas an Bhealaigh don Am atá Romhainn, lena n-éilítear maoiniú a chur ar fáil le tionscnaimh gníomhaíochta dearfacha a chur chun cinn i réimsí ina mbíonn deacrachtaí ag inimircigh deiseanna a thapú ar bhonn cothrom le baill eile de mhuintir na hÉireann.
Agus fáilte á cur aige roimh an bhfógra, Dúirt an tAire O’Brien:
“Tá tograí uaillmhianacha leagtha amach ag an 18 tionscadal ar bronnadh maoiniú orthu inniu faoin gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta chun cabhrú lena gcuid oibre maidir le tacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú rathúil na ndaoine a thagann chun na hÉireann agus é de mhian acu saol a chruthú dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Is uirlis ríthábhachtach é an Ciste Lánpháirtíochta Náisiúnta i dtaca le grúpaí pobail a chur ar a gcumas chun leanúint leis an obair seo, a bhfuil tábhacht as cuimse ag baint léi.
Is maith is eol dom go bhfuil i bhfad níos mó ná an 18 a fógraíodh inniu i mbun na hoibre lánpháirtíochta seo, atá thar a bheith tábhachtach, agus is é sin an fáth gurb é atá i gceist leis an gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta ná céim amháin eile den obair leanúnach ag leibhéal an Rialtais chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do phobail i dtaca le beartais lánpháirtíochta.
D’fhógair mé Ciste Lánpháirtíochta na bPobal an tseachtain seo caite agus beidh oscailt an bhabhta is déanaí den Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht á fógairt agam gan mhoill. Tá mé ag iarraidh leanúint liom ag obair agus ag tacú leis na grúpaí pobail a bhfuil obair na gcapall idir lámha acu maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus do phobail."
Nótaí don Eagarthóir
Bhí an ghairm ar thograí de chuid an Chiste Lánpháirtíochta Náisiúnta 2023 ar siúl ón 2 Deireadh Fómhair 2023 – 1 Samhain 2023. Cuireadh €861,724 ar fáil in aghaidh na bliana, le trí bliana anuas, chun tacú leis an 18 tionscadal rathúil trí mhaoiniú deontais de €25,000 - €200,000 do gach tionscadal rathúil.
Tionscadail Rathúla:
| Ainm na hEagraíochta: | Ainm an Tionscadail: | An Méid a Bronnadh: | Raon Feidhme Geografach: |
| Tionscadal um Neart san Éagsúlacht | €200,000 | Baile Átha Cliath | |
| Fócas Éireann | Ag Tacú trí Thuiscint | €150,000 | |
| Foróige | €199,984 | Baile Átha Cliath | |
| An Comhghrúpa um Dhóchas agus Misneach | €68,898 | ||
| Líonra i gCoinne an Chiníochais in Éirinn (LCCE) | €128,239 | ||
| Comhairle Dídeanaithe na hÉireann | €118,081 | Baile Átha Cliath | |
| LADT Éireann | €157,587 | Ar fud na tíre | |
| Obair Dheonach Logánú | Obair Dheonach le haghaidh Cách | €195,000 | |
| Comhpháirtíocht na Mí | Aghaidheanna Aitheanta | €172,903 | An Mhí |
| An Mol Abhcóideachta Inimirce | €176,321 | Corcaigh | |
| Clár Lánpháirtíochta na hÓige Ré Nua | €150,000 | An Iarmhí | |
| Áiteanna Tearmainn Éireann | Tearmann san Oideachas- Níos Láidre le Chéile | €169,598 | |
| Comhpháirtíocht Chontae Bhaile Átha Cliath Theas | An Tionscadal um Lánpháirtíocht Imirceach | €198,974 | Baile Átha Cliath |
| €50,000 | Baile Átha Cliath | ||
| CLG Reathaithe an Tearmainn | Iarratas ar Bhunmhaoiniú | €200,000 | Ar fud na tíre |
| An Tríú hAois | Fáilte Isteach | €193,500 | Ar fud na tíre |
| Ionad Géarchéime na hÚcráine in Éirinn (IGUE) | €199,929 | Ar fud na tíre | |
| €143,399 | Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin |