Clár Samhraidh 2026: clár scoilbhunaithe i mbunscoileanna

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Samhraidh 2026: clár scoilbhunaithe i mbunscoileanna


Eolas do bhunscoileanna

I mbliana, is féidir le gach bunscoil clár samhraidh a chur ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.

Cuireann clár scoilbhunaithe eispéireas níos iomláine ar fáil do dhaltaí agus cabhraíonn sé leis an nasc a choinneáil leis an scoil agus le piaraí.

Tá dhá scéim ar fáil i gClár Samhraidh 2026 do bhunscoileanna príomhshrutha

• An Scéim Bunscoile – do dhaltaí atá cláraithe i ranganna speisialta, chomh maith le daltaí i ranganna príomhshrutha a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais

• Litearthacht agus uimhearthacht campa samhraidh/campaí samhraidh do dhaltaí i scoileanna CDSIS.

Clár Samhraidh 2026: litir chuig bunscoileanna

Litir chuig na príomhoidí
Amharc amharc

Clár Samhraidh 2026 do bhunscoileanna: forbhreathnú

Clár Samhraidh 2026 do bhunscoileanna: Forbhreathnú
Amharc amharc

Treoir maidir le Clár Samhraidh 2026 do Bhunscoileanna Príomhshrutha

Físeáin seisiún eolais

Seimineáir Gréasáin Faisnéise ar Chlár an tSamhraidh 2026

Webinar 1

Réamhthaifeadta TBC

Chun rochtain a dhéanamh ar na seimineáir ghréasáin agus ar acmhainní sna blianta roimhe seo, cliceáil anseo le do thoil

Acmhainní

Treoir – Aguisíní.

Aguisin A - Teimplead le haghaidh comhairliuchan ar an gClar Samhraidh
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Aguisin B - teimplead le haghaidh na tuairisce Clair Samhraidh
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Aguisin C - machnamh ar an bhfoghlaim leideanna samplacha
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Campaí Samhraidh DEIS

Tairseach clárúcháin ar líne

Clár Campaí Samhraidh Litearthachta agus Uimhearthachta do Bhunscoileanna DEIS – Lámhleabhar do Mhúinteoirí 2026
Amharc amharc

Ní mór do bhunscoileanna ar mian leo a bheith páirteach i gClár Samhraidh 2026 clárú ar Thairseach na Roinne um Chlárú ar Líne:

Tá an tairseach beo anois.

Mura bhfuil rochtain ag scoileanna ar an nasc clárúcháin, ba chóir dóibh dul i dteagmháil le foireann chlár an tsamhraidh trí ríomhphost ag schoolsummerprogramme@education.gov.ie

Tar éis an chlárúcháin, eiseofar r-phoist cheadaithe chuig scoileanna do gach scéim dá bhfuil siad cláraithe ag leagan amach na n-acmhainní a ceadaíodh dóibh.

Is é 15 Bealtaine 2026 dáta deiridh na Tairsí Clárúcháin Scoilbhunaithe.

Scéalta Scoile um Sholáthar Samhraidh

Is féidir leat féachaint ar phríomhoidí, múinteoirí agus baill foirne scoile éagsúla ag caint faoina n-eispéiris maidir leis an gclár samhraidh a reáchtáil san am atá thart ón nasc thíos

Summer Programme school stories

Eolas do thuismitheoirí

Eolas Íocaíochta do Scoileanna

Bainfidh na scoileanna rannpháirteacha úsáid as córas Esinet na Roinne chun éilimh a chur isteach. Leis sin, beifear in ann éilimh a phróiseáil ar bhonn leanúnach i rith an tsamhraidh.

Déanfaidh an Roinn iarracht amanna íocaíochta a laghdú i mbliana maidir le gach éileamh ar íocaíocht iomlán a chuirtear isteach roimh na spriocdhátaí foilsithe. Próiseálfaidh an Roinn íocaíochtaí le múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta de réir mar a chuirtear éilimh íocaíochta chríochnaithe isteach thar thréimhse an tsamhraidh tríd an tairseach Esinet.

Eiseofar eolas do scoileanna rannpháirteacha maidir le conas éilimh ar íocaíochtaí a chur faoi bhráid na foirne sula gcuirfidh siad tús lena gclár samhraidh.

Ceisteanna agus Tacaíocht

Beidh líne chabhrach an Chláir Shamhraidh ag feidhmiú ó Luan go hAoine idir 9:00am agus 5:00pm ag 090648 4292.

Is féidir ceisteanna ríomhphoist ar an gclár scoilbhunaithe a sheoladh chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie

Gaolmhar

Clár Samhraidh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat