Soláthar an tSamhraidh 2026
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2026
Níl sonraí Chlár Samhraidh 2026 foilsithe go fóill. Táthar ag súil, áfach, go bhfoilseofar iad roimh dheireadh mhí Aibreáin 2026.
Clár Samhraidh 2026
I mbliana, is féidir le gach scoil clár samhraidh a chur ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais chasta oideachais speisialta acu agus do na daltaí sin atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
‘Muinín agus Naisc a Chothú’ an téama a bheidh ann do chlár na bliana seo.
Táthar ag súil go mbainfidh na daltaí agus na baill foirne araon taitneamh as an gClár Samhraidh. Léireofar téama na bliana seo leis an réimse gníomhaíochtaí a bheidh ar fáil agus beidh deiseanna ann do rannpháirtíocht dírithe ar an dalta agus ar an spraoi.
Leagtar amach agus forbraítear clár na bliana seo lena chinntiú go ndíreofar ar thacaíochtaí chun cuidiú le leanaí agus le daoine óga ar bhealach níos fearr le go mbeidh teacht acu ar chlár scoil-bhunaithe.
Socraítear na baill foirne do ranganna an chláir de réir phróifíl na ndaltaí a bheidh ag glacadh páirt iontu.
Tugtar isteach i gclár na bliana seo arís ról nua d’eagraí i scoileanna le cur in áit na n-uaireanta ullmhaithe a bhí ann sna blianta roimhe sin. Cuideoidh sé sin le tacaíocht a thabhairt do scoileanna sa phleanáil a bhíonn ar bun acu ó chéim i bhfad níos luaithe do shamhradh na bliana 2026.
Fógrófar sonraí Chlár Samhraidh Bailebhunaithe 2026 sna seachtainí atá romhainn.
Is féidir breathnú ar roinnt príomhoidí, múinteoirí agus baill foirne scoile agus iad ag caint faoin taithí a bhí acu ar an gclár samhraidh a reáchtáil roimhe seo tríd an nasc thíos a úsáid:
Scéalta scoile an Chláir Samhraidh