Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Samhraidh 2026: clár scoilbhunaithe in iar-bhunscoileanna


Eolas d’Iar-bhunscoileanna

Beidh deis ag gach iar-bhunscoil clár coicíse a reáchtáil do scoláirí atá ar an rolla i ranganna speisialta, chomh maith leo siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais chasta acu agus scoláirí atá i mbaol ó mhíbhuntáiste oideachais.

Cuireann clár scoilbhunaithe eispéireas níos iomláine ar fáil do dhaltaí agus cuidíonn sé chun an nasc idir scoileanna agus piaraí a choinneáil.

Clár Samhraidh 2026: litir chuig Iar-bhunscoileanna

Litir chuig na príomhoidí iar-bhunscoile
Amharc amharc

Clár Samhraidh d’Iar-Bhunscoileanna 2026 – Forléargas/Téarmaí agus Coinníollacha

Clár Samhraidh d'Iar bhunscoileanna 2026: Forléargas/Téarmaí agus Coinníollacha
Amharc amharc

Treoir don Chlár Samhraidh d’Iar-bhunscoileanna 2026

Treoir maidir leis an gClár Samhraidh 2026 Le haghaidh Iar-bhunscoileanna
Amharc amharc

Físeáin seisiún eolais

Seimineáir Faisnéise ar Chlár Samhraidh 2026

Webinar 1

Chun rochtain a dhéanamh ar na seimineáir ghréasáin agus ar acmhainní sna blianta roimhe seo, cliceáil anseo le do thoil

Acmhainní

Treoir – Aguisíní.

Aguisin A - Teimplead le haghaidh comhairliuchan ar an gClar Samhraidh
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Aguisin B - teimplead le haghaidh na tuairisce Clair Samhraidh
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Aguisin C - machnamh ar an bhfoghlaim leideanna samplacha
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Tairseach um chlárú ar líne

Ní mór d’iar-bhunscoileanna ar mian leo a bheith páirteach i gClár Samhraidh 2026 clárú ar Thairseach na Roinne um Chlárú ar Líne.

Tá an tairseach beo anois.

Mura bhfuil rochtain ag scoileanna ar an nasc clárúcháin, ba chóir dóibh dul i dteagmháil le foireann chlár an tsamhraidh trí ríomhphost ag schoolsummerprogramme@education.gov.ie

Tar éis an chlárúcháin, eiseofar r-phoist cheadaithe chuig scoileanna do gach scéim dá bhfuil siad cláraithe ag leagan amach na n-acmhainní a ceadaíodh dóibh.

Is é 15 Bealtaine 2026 dáta deiridh na Tairsí Clárúcháin Scoilbhunaithe.

Scéalta scoile faoi na cláir shamhraidh

Is féidir leat féachaint ar roinnt príomhoidí, múinteoirí agus foirne scoile ag caint faoin taithí a bhí acu ar chláir shamhraidh roimhe seo a reáchtáil ag an nasc thíos:

Scéalta Scoile um Sholáthar Samhraidh

Eolas do thuismitheoirí

Clár Samhraidh 2026 - clár scoilbhunaithe in iar-bhunscoileanna - Eolas do thuismitheoirí
Amharc amharc

Eolas Íocaíochta do Scoileanna

Bainfidh scoileanna rannpháirteacha úsáid as córas Esinet na Roinne chun éilimh a chur isteach. Ceadóidh sé sin éilimh a phróiseáil ar bhonn leanúnach le linn an tsamhraidh.

Déanfaidh an Roinn iarracht amanna íocaíochta a laghdú i mbliana do na héilimh chomhlánaithe go léir a chuirfear isteach roimh na dátaí deiridh a fhoilseofar. Déanfaidh an Roinn íocaíochtaí do mhúinteoirí agus do CRSanna a phróiseáil de réir mar a chuirtear isteach éilimh chomhlánaithe trí thairseach Esinet le linn thréimhse an tsamhraidh.

Eiseofar eolas chuig na scoileanna rannpháirteacha maidir leis an mbealach chun éilimh d’íocaíochtaí le baill foirne a chur isteach sula dtosaíonn siad ar a gclár samhraidh.

Ceisteanna agus tacaíocht

Beidh an líne chabhrach don Chlár Samhraidh ag feidhmiú ó Luan go hAoine idir 9:00am agus 5:00pm ag 090648 4292.

Is féidir ceisteanna ar líne faoin gclár scoilbhunaithe a chur chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie

Gaolmhar

Clár Samhraidh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat