An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Faoi Shainordú na hEarnála Poiblí um Ghníomhú ar son na hAeráide, ní mór do chomhlachtaí poiblí lena mbaineann Treochláir Bhliantúla um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhoilsiú ina dtugtar breac-chuntas ar na bearta a rinneadh chun spriocanna a bhaint amach agus cleachtais inbhuanaithe a leabú san eagraíocht. Ní mór don earnáil phoiblí ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú faoi 51% faoin mbliain 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh carbóin de tráth nach déanaí ná an bhliain 2050.
Tugtar breac-chuntas i dTreochlár na Roinne Oideachais um Ghníomhú ar son na hAeráide 2025 ar na bearta atá á nglacadh ag ár roinn chun na spriocanna sin a bhaint amach agus a chinntiú go leanfaimid de bheith ag déanamh roghanna inbhuanaithe i ngach a bhfuil á dhéanamh againn.