Iompar Scoile
- Foilsithe: 14 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 20 Aibreán 2026
- Foirm Theagmhála do Chustaiméirí Iompair Scoile
- Seirbhísí na Scéime Iompair Scoile don scoilbhliain 2026/2027 - dátaí tábhachtacha
- Próiseas chun seirbhísí Iompair Scoile a sholáthar do dhaltaí a thagann go hÉirinn ón Úcráin agus do dhaltaí atá ina gcónaí in ionaid IPAS/EROC
- Iompar Scoile 2030 – Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile
- Scéimeanna Iompair Scoile na Roinne Oideachais agus Óige
- Cé atá incháilithe
- Conas iarratas a dhéanamh
- Deontas Ceantar Iargúlta
- Má tá an scoil is gaire duit lán
- Leanaí a bhFuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
- Deontas Iompair Speisialta
- Próiseas na nAchomharc ar Iarratais ar Iompar Scoile
- Scéim Iompair Scoile - tionscadail phíolótacha 2024/2025
- Foirm Theagmhála do Chustaiméirí Iompair Scoile
- Teagmháil eile
Foirm Theagmhála do Chustaiméirí Iompair Scoile
Tá an Fhoirm Theagmhála do Chustaiméirí ar fáil do gach duine ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an aonad iompair scoile.
Is foirm ar líne í atá éasca le rochtain agus le comhlánú. Iarrfar ort an fhaisnéis uile is gá a chur isteach ionas gur féidir leis an Roinn Oideachais agus Óige a chinntiú go ndéantar gach idirghníomhaíocht le custaiméir a phróiseáil go tráthúil agus go gairmiúil.
Seirbhísí na Scéime Iompair Scoile don scoilbhliain 2026/2027 - dátaí tábhachtacha
Iarratais ar iompar scoile don scoilbhliain 2026/27
Tá tairseach iarratais ar líne Bus Éireann oscailte anois
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne chuig Bus Éireann ag www.buseireann.ie/schooltransport nó cliceáil anseo Tairseach Bhus Éireann.
Is é Dé hAoine, 8 Bealtaine 2026 an spriocdháta le haghaidh íocaíochtaí nó sonraí cárta leighis a iontráil.
Cé a chaithfidh iarratas a dhéanamh
- Daltaí nár chuir isteach ar iompar scoile riamh.
- Daltaí atá ag tosú i naíonáin shóisearacha nó an chéad bhliain den chéad uair sa scoilbhliain 2026/27.
- Daltaí ag athrú seoladh baile nó ag bogadh scoile sa scoilbhliain 2026/27.
- Gach dalta a tháinig go hÉirinn ón Úcráin, a bhfuil cónaí orthu in ionaid chóiríochta, i dtithe modúlacha, le teaghlaigh óstacha agus go neamhspleách agus gach dalta a bhfuil cónaí orthu in ionaid IPAS/EROC.
Má dhéanann tú iarratas tar éis an dáta deiridh, beidh d’iarratas déanach agus tá seans nach bhfaighidh tú ticéad
Áis íocaíochta do 2026/27
Ní mór duit sonraí íocaíochta nó cárta leighis a chur isteach má tá tú:
- Iarratasóir nua
- Dalta a d'úsáid iompar scoile roimhe seo agus a bhfuil suíochán de dhíth air/uirthi don scoilbhliain 2026/27
Is é Dé hAoine, 8 Bealtaine 2026 an spriocdháta le haghaidh íocaíochtaí nó sonraí cárta leighis a iontráil.
Má dhéanann tú íocaíocht nó má chuireann tú sonraí cárta leighis isteach tar éis an dáta seo, beidh sé déanach, agus b’fhéidir nach bhfaighidh tú ticéad agus ní bhreithneofar thú le haghaidh Deontas Ceantair Iargúlta.
Táillí ticéad iompair scoile
Is iad seo a leanas na táillí bliantúla ar sheirbhísí Iompair Scoile don scoilbhliain 2026/27:
|
Dalta Incháilithe/Lamháltais Bunscoile |
€100 |
|
Uasíocaíocht do Theaghlaigh Bunscoile |
€200 |
|
Dalta Incháilithe/Lamháltais Iar-bhunscoile |
€100 |
|
Uasíocaíocht do Theaghlaigh Iar-bhunscoile |
€220 |
|
Ranníocaíocht Uasta Teaghlaigh |
€220 |
Sealbhóirí cárta leighis
Ní gá do leanaí atá incháilithe le haghaidh iompair scoile agus a bhfuil cárta leighis bailí (Scéim GMS) acu an táille bhliantúil a íoc. Mar sin féin, ní mór sonraí an chárta leighis a chur isteach chuig Tairseach Bhus Éireann faoin 8 Bealtaine 2026.
Má chuireann tú sonraí cárta leighis isteach tar éis an dáta seo, beidh sé déanach agus tá seans nach bhfaighidh tú ticéad.
Dúnadh Sealadach ar an Tairseach
Dúnfar tairseach teaghlaigh Bhus Éireann go sealadach, ón 8 Bealtaine 2026 go dtí an 1 Iúil 2026. Tabharfaidh sé sin am do Bhus Éireann pleanáil don scoilbhliain nua.
Sonraí teagmhála Bus Éireann
Reáchtálann Bus Éireann an Scéim Iompair Scoile don Roinn Oideachais agus Óige. Tá ionad glaonna do chúram custaiméirí tiomnaithe acu chun cabhrú le teaghlaigh a bhfuil ceisteanna iompair scoile acu.
Má tá aon cheist agat, is féidir leat glaoch ar an ionad ag Glaoch áitiúil 0818 919 910. Tá na línte gutháin oscailte ó 9:00 am go dtí 5:00 pm, Luan go hAoine.
Is féidir leat do cheisteanna a chur isteach chuig Bus Éireann ar líne freisin.
Sonraí teagmhála an Rannóg Iompair Scoile
Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Iompair Scoile, is féidir leat d’fhiosrúchán a chur isteach ar an bhFoirm Teagmhála do Chustaiméirí ar líne
Critéir cháilitheachta
Is iad seo a leanas na critéir incháilitheachta d’Iompar Scoile don scoilbhliain 2026/27:
Tá leanaí incháilithe le haghaidh iompair scoile má chomhlíonann siad na critéir seo a leanas:
- Leibhéal na Bunscoile: Tá cónaí orthu 3.2 km ar a laghad ón scoil náisiúnta is gaire dóibh, de réir a chinnfidh an Roinn/Bus Éireann, agus éiteas agus teanga na scoile á gcur san áireamh.
- Leibhéal na hIar-bhunscoile: Tá cónaí orthu 4.8 km ar a laghad ón iar-bhunscoil nó ón ionad oideachais is gaire dóibh, de réir mar a chinnfidh an Roinn/Bus Éireann, agus éiteas agus teanga na scoile á gcur san áireamh.
Gheobhaidh leanaí incháilithe a chomhlánaíonn an próiseas iarratais agus íocaíochta in am suíochán ar sheirbhís bus scoile, má tá seirbhís ar fáil.
Déanfar leanaí nach bhfuil incháilithe d’iompar scoile ach a chomhlánaíonn an próiseas iarratais agus íocaíochta in am a mheas le haghaidh aon suíochán breise atá ar fáil tar éis freastal ar leanaí incháilithe. Tugtar suíocháin lamháltais ar na suíocháin bhreise seo.
D’fhéadfadh go mbeadh níos mó éilimh ná soláthar ar shuíocháin lamháltais. I gcásanna den sórt sin, úsáidfidh Bus Éireann próiseas roghnúcháin comhaontaithe chun ticéid a leithdháileadh do na suíocháin bhreise.
Leanfar ar aghaidh leis na bearta maolaithe sealadacha don scoilbhliain 2026/27. Ciallaíonn sé sin, má tá seirbhísí ar fáil agus go bhfuil dóthain acmhainne ann, go gcuirfear iompar ar fáil do dhaltaí lamháltais atá incháilithe le haghaidh iompair chuig an scoil is gaire dóibh ach atá ag freastal ar an dara scoil nó ionad iar-bhunscoile is gaire dóibh. Ní tharlóidh sé sin ach amháin má dhéanann siad iarratas agus má íocann siad in am.
Próiseas chun seirbhísí Iompair Scoile a sholáthar do dhaltaí a thagann go hÉirinn ón Úcráin agus do dhaltaí atá ina gcónaí in ionaid IPAS/EROC
Don scoilbhliain 2026/2027, beidh ar gach dalta ón Úcráin agus gach dalta a bhfuil cónaí orthu in ionaid IPAS/EROC iarratas a dhéanamh agus íoc ar thairseach teaghlaigh iompair scoile Bhus Éireann faoin spriocdháta, an 8 Bealtaine 2026.
Is féidir leat teacht ar Thairseach Teaghlaigh Bhus Éireann tríd an nasc seo a leanúint https://www.buseireann.ie/schooltransport
Má tá iarratas déanta agat cheana féin ar Thairseach Teaghlaigh Bhus Éireann, ní bheidh ort iarratas a dhéanamh arís mura mbeidh tú ag freastal ar scoil nua in 2026/27 nó má bhog tú go dtí seoladh eile. Beidh ort logáil isteach, áfach, chun íocaíocht a dhéanamh nó sonraí cárta leighis a iontráil.
Critéir cháilitheachta
Chun cáiliú le haghaidh iompair scoile, ní mór do do leanbh a bheith
- Leibhéal na Bunscoile: Ina gcónaí 3.2 km ar a laghad ón mbunscoil is gaire dóibh, de réir mar a chinnfidh an Roinn/Bus Éireann, agus éiteas agus teanga na scoile á gcur san áireamh.
- Leibhéal na hIar-bhunscoile: Ina gcónaí 4.8 km ar a laghad ón iar-bhunscoil nó ón ionad oideachais is gaire dóibh, de réir mar a chinnfidh an Roinn/Bus Éireann, agus éiteas agus teanga na scoile á gcur san áireamh.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, íoc roimh an 8 Bealtaine 2026.
Baineann an méid seo a leanas má tá do leanbh ag freastal ar an scoil is gaire dóibh agus má chomhlíonann sé/sí na critéir achair thuas (incháilithe):
- Má tá cárta leighis bailí (Scéim GMS) ag do leanbh, ansin tá siad díolmhaithe ón táille bhliantúil a íoc. Mar sin féin, ní mór sonraí a gcárta leighis a chur isteach ar an rannóg íocaíochtaí ar Thairseach Teaghlaigh Bhus Éireann.
- Má chomhlánaíonn tú an próiseas iarratais agus íocaíochta in am do do leanbh, gheobhaidh siad suíochán ar sheirbhís bus scoile, má tá seirbhís ar fáil. I gcásanna nach bhfuil aon seirbhís ann cheana féin nó nach bhfuil acmhainn ar sheirbhís atá ann cheana féin, féadfar Deontas Ceantar Iargúlta (DCI) a thairiscint duit, chun tacú le costas na socruithe iompair.
Baineann an méid seo a leanas mura bhfuil do leanbh ag freastal ar a scoil is gaire díobh (lamháltais) nó mura gcomhlíonann sé/sí na critéir achair:
- Mura bhfuil do leanbh ag freastal ar an scoil is gaire dó/di, de rogha, nó mura gcomhlíonann sé/sí na critéir achair ach go gcríochnaíonn sé/sí an próiseas iarratais agus íocaíochta in am, breithneofar iad le haghaidh aon suíochán breise atá ar fáil tar éis freastal ar leanaí incháilithe. Tugtar suíocháin lamháltais ar na suíocháin bhreise seo. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó éilimh ná soláthar ar shuíocháin lamháltais. I gcásanna den sórt sin, úsáidfidh Bus Éireann próiseas roghnúcháin chun ticéid a leithdháileadh do na suíocháin bhreise. Ní mór duit an táille bhliantúil ticéid a íoc; ní bhaineann an tarscaoileadh cárta leighis.
- Má mheastar go bhfuil do leanbh ina leanbh lamháltais ach má tá siad ag freastal ar an scoil is gaire dóibh le hacmhainn (tá scoileanna níos gaire lán), déan teagmháil le do chomhordaitheoir REALT áitiúil a fhéadfaidh a chur in iúl don Rannóg Iompair Scoile sa Roinn Oideachais agus Óige nach bhfuil aon acmhainn i scoileanna níos gaire dóibh. Má tá cárta leighis bailí ag do leanbh, beidh tú in ann é sin a ionchur ansin, agus eiseoidh Bus Éireann aisíocaíocht ar an táille bhliantúil chugat in am trátha.
Tabhair faoi deara:
- Mura gcuirtear isteach uimhir chárta leighis bailí NÓ íocaíocht iomlán faoin 8 Bealtaine, ní bheidh iompar scoile ráthaithe do do leanbh.
- Níl aon ráthaíocht ann go mbeidh suíocháin ar fáil ar sheirbhísí d’iarratasóirí déanacha, agus ní bhreithneofar thú don deontas ceantair iargúlta má dhéanann tú iarratas tar éis an dáta sin.
Seo a leanas sonraí teagmhála ríomhphoist agus teileafóin do Chomhordaitheoirí REALT:
Ní mór duit iarratas a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, íoc roimh an 8 Bealtaine 2026.
Pointí Teagmhála sa Rannóg Iompair Scoile
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, cuir isteach d’fhiosrúchán ar ár bhFoirm Fiosrúcháin do Chustaiméirí. Mar mhalairt air sin, is féidir leat glaoch ar 057-9325466 chun labhairt leis an bhfoireann Iompair Scoile.
Iompar Scoile 2030 – Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile
Tá athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile, a rinneadh i dtrí chéim, curtha i gcrích. Tá an tuarascáil as gach céim, chomh maith leis hachoimre ar an tuarascáil, ar fáil anseo. Sa tuarascáil deiridh, “Iompar Scoile 2030 Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile – Céim 3 den Tuarascáil” tá moltaí inti faoi fheidhmiú na scéime sa todhchaí. Cuirfear na moltaí seo i bhfeidhm ar bhonn céimnithe idir anois agus 2030.
- Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile – Achoimre ar an Tuarascáil (Leagan Béarla)
- Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile – Achoimre ar an Tuarascáil (Leagan Gaeilge)
- Iompar Scoile 2030 Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile - Céim 3 den Tuarascáil (Leagan Béarla)
- Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile - Céim 2 den Tuarascáil (Leagan Béarla)
- Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile - Céim 1 den Tuarascáil (Leagan Béarla)
Scéimeanna Iompair Scoile na Roinne Oideachais agus Óige
Feidhmíonn Bus Éireann na scéimeanna iompair scoile thar ceann na Roinne Oideachais agus Óige.
Mar chuid den scéim, cuirtear iompar ar fáil go dtí scoil agus ar ais ón scoil dóibh seo a leanas:
- leanaí atá ina gcónaí i bhfad ón mbunscoil agus ón iar-bhunscoil is gaire dóibh
- leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Cé atá incháilithe
Bunscoileanna
Tacaíonn an scéim iompair bunscoile le leanaí atá ina gcónaí níos mó ná 3.2 chiliméadar ón mbunscoil agus atá ag freastal ar an mbunscoil is gaire dóibh a iompar chuig an scoil agus uaithi.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, féach thíos:
Primary School Transport Scheme
Iar-bhunscoileanna
Tacaíonn an scéim iompair iar-bunscoile le leanaí atá ina gcónaí níos mó ná 4.8 ciliméadar ón iar-bhunscoil/ionad oideachais agus atá ag freastal ar an iar-bhunscoil/ionad oideachas is gaire dóibh a iompar chuig an scoil/ionad oideachais agus uaithi/uaidh. Tá sé faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
- D’fhéadfadh leanaí a roghnaíonn freastal ar an scoil shainchreidmheach mhionlaigh is gaire dóibh mar gheall ar éiteas reiligiúnach a bheith incháilithe d’iompar scoile chuig an scoil sin, fiú murab í an scoil is gaire dóibh í.
- D’fhéadfadh leanaí a roghnaíonn freastal ar an scoil/aonad lán-Ghaeilge is gaire dóibh a bheith incháilithe d’iompar scoile chuig an scoil/aonad sin, fiú murab í an scoil is gaire dóibh í.
- D’fhéadfadh leanaí a roghnaíonn freastal ar an scoil/aonad uile-Béarla is gaire dóibh a bheith incháilithe d’iompar scoile chuig an scoil/aonad sin, fiú murab í an scoil is gaire dóibh í.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, féach thíos:
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór iarratais don scéim Iompair Bunscoile agus/nó don Scéim Iompair Iar-bhunscoile a chur isteach ar líne trí shuíomh gréasáin Bhus Éireann trína thairseach teaghlaigh. Ní gá ach do dhaltaí nua iarratas a dhéanamh, nó iad siúd a bhfuil seoladh/scoil athraithe acu. Leanfaidh leanbh atá incháilithe d’iompar scoile sa scéim mura mbíonn aon athrú ar a c(h)úinsí.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas go hiondúil an Aoine deiridh i mí Aibreáin don chéad scoilbhliain eile. Tá sé tábhachtach buseireann.ie a sheiceáil le haghaidh uasdátuithe ar na dátaí tosaigh agus deiridh den tairseach teaghlaigh.
Tá próiseas iarratais déanach ann. Is féidir leat iarratas a dhéanamh go fóill ar iompar scoile i ndiaidh dháta deiridh an iarratais. Is ‘iarratas déanach’ é iarratas ar bith a dhéantar a chomhlánú tar éis an dáta deiridh. Má tá d’iarratas déanach, b’fhéidir nach mbeidh suíochán le fáil agat ar sheirbhís.
Ní féidir cinneadh a dhéanamh maidir le hincháilitheacht ach amháin nuair a dhéantar an measúnú. Ní dhéanfar measúnú ar “iarratais dhéanacha” ach amháin nuair atá na hiarratais ar fad a bhí “in am” próiseáilte. Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir a dhearbhú go mbeidh suíocháin le fáil ar sheirbhísí d’iarratasóirí déanacha. Chun Seirbhísí na Scéime Iompair Scoile a úsáid, caithfidh ticéad bailí a bheith ag na daltaí le bheith in ann taisteal.
Athrú seoladh nó scoil nua
Má athraíonn do chúinsí le linn na bliana acadúla, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar iarratas nua. Ní mor foirm iarratais nua ar iompar scoile a chur isteach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann mar ní bheidh do sheanticéad bailí a thuilleadh.
Deontas Ceantar Iargúlta
Níl aon fhoirm iarratais dhíreach do Dheontas Ceantar Iargúlta. Ní féidir measúnú a dhéanamh le haghaidh Deontas Ceantar Iargúlta ach amháin nuair a dhéantar cinneadh maidir le hincháilitheacht do scéim Iompair Scoile tar éis iarratas a dhéanamh ar iompar scoile trí shuíomh gréasáin Bhus Éireann. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le hiarratais ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann.
Tá deontais ceantar iargúlta iníoctha ag an roinn mar shíntiús i dtreo socruithe iompair phríobháidigh do dhaltaí incháilithe nach bhfuil aon seirbhís iompar ar fáil dóibh. Is féidir na deontais seo a íoc do dhaltaí incháilithe atá ina gcónaí 3.2km nó níos mó ón bpointe bailithe is gaire dóibh don iompar scoile.
Ní mór iarratas ar iompar a chur isteach do gach leanbh ina dhiaidh sin a bhfuil iompar ag teastáil uaidh/uaithi, fiú i gcásanna ina bhfuil an Deontas Ceantar Iargúlta á fháil ag an teaghlach cheana féin.
Athrú seoladh nó scoil nua
Má athraíonn do chúinsí le linn na bliana acadúla, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar iarratas nua. Ní mor foirm iarratais nua ar iompar scoile a chur isteach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann mar ní bheidh do sheanticéad bailí a thuilleadh.
Déan rochtain ar thuilleadh eolais faoin Deontas Ceantar Iargúlta thíos.
Má tá an scoil is gaire duit lán
Má tá iarratas déanta agat chun freastal ar an scoil is gaire duit de bharr an éitis agus na teanga agus má chuir údaráis na scoile in iúl duit go bhfuil sí lán, déanfaidh an roinn breithniú an bhfuil tú incháilithe don chéad scoil eile is gaire duit.
Cuir fianaise na ndoiciméad seo a leanas ar fáil le do thoil mar chruthúnas:
- Iarratas ar rollú a rinneadh laistigh de na spriocdhátaí atá sonraithe ag an scoil, agus
- litir ó údaráis na scoile ina ndeimhnítear go raibh an scoil lán uair an rollaithe
Is féidir fiosrúcháin aonair a sheoladh ar aghaidh agus úsáid á baint as an bhFoirm Theagmhála Custaiméara
Leanaí a bhFuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
Tacaíonn an scéim iompair scoile le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a thagann ó mhíchumas diagnóisithe a iompar chuig an scoil agus ón scoil.
Déantar cinneadh maidir le bheith incháilithe tar éis comhairliúcháin leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) trína líonra d’Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO).
Ba chóir don tuismitheoir, an scoil agus an ERSO na foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a shíniú.
Athrú seoladh nó scoil nua
Sna cásanna ina bhfuil seoladh baile agus/nó an scoil á (h)athrú ag leanbh, ba chóir do phríomhoide na scoile iarratas a dhéanamh chuig an ERSO.
Déan rochtain ar thuilleadh eolais faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, thíos.
Iarratas ar Iompar Scoile do Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
Deontas Iompair Speisialta
Is féidir le tuismitheoir/caomhnóir leas a bhaint as Deontas Iompair Speisialta (DIS) do leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ní mór go mbeadh iarratas ar iompar scoile faoin scéim a bheith déanta sular féidir Deontas Iompair Speisialta (DIS) a mheas.
Áit nach féidir leibhéal réasúnta de sheirbhís iompair a sholáthar, d’fhéadfadh an roinn Deontas Iompair Speisialta (DIS) i dtreo chostas na socruithe iompair phríobháidigh a sholáthar ar an mbunús atá leagtha amach thíos:
- Nach bhfuil Bus Éireann in ann leibhéal réasúnta seirbhíse a eagrú don leanbh
- go bhfuil an tEagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO), faoi threoir tuarascálacha gairmiúla iomchuí nó tríd an eolas a chuireann an t-údarás scoile ábhartha ar fáil, sásta gur cineál é nádúr míchumais an linbh, nach mbeadh sé/sí in ann leas a bhaint as seirbhís bus scoile sceidealaithe a bhailíonn leanaí eile ar an mbealach
Le héifeacht ó thús na scoilbhliana 2024/2025, méadófar ráta an Deontais Iompair Speisialta mar a moladh san athbhreithniú ar an scéim iompair scoile. Ba cheart an ráta a mhéadú go 41.80 cent don chéad 6,437 gciliméadar a thaistealaítear agus go 31.78 cent in aghaidh an chiliméadair do gach ciliméadar a thaistealaítear ina dhiaidh sin.
Tá deontais faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil nó d’fhéadfaí iad a tharraingt siar áit a n-athraíonn cúinsí.
Ceadaítear an Deontas Iompair Speisialta ó dháta an iarratais. Ní gné den Deontas Iompair Speisialta iad íocaíochtaí cúlghabhálacha.
Deontas Iompair Speisialta Eatramhach
Is féidir Deontas Iompair Speisialta Eatramhach a chur ar fáil do theaghlaigh de leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, atá, tar éis an phróisis iarratais, incháilithe faoi théarmaí na scéime iompair scoile agus atá ag fanacht go gcuirfí seirbhís Iompair Scoile i bhfeidhm.
Is íocaíocht aon uaire é an deontas seo. Tairgtear an deontas eatramhach ó dháta an iarratais chun cuidiú le costas na socruithe iompair phríobháidigh atá curtha i bhfeidhm ag an teaghlach go dtí go bhfuil seirbhís iompair réidh le tosú.
Ba cheart do theaghlaigh teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Iompair Scoile trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Theagmhála Custaiméara chun teacht ar eolas breise ar an Deontas Eatramhach Iompair Speisialta seo.
Tionlacan Bus
Fostaítear Tionlacain Bus ar bord seirbhíse iompair scoile a chuirtear ar fáil trí Bhus Éireann áit ar cineál riachtanais cúraim agus sábháilteachta iad an leanbh agus é/í ar bord an iompair scoile go bhfuil gá le tacaíocht tionlacain.
Fostaíonn Údarás Bainistíochta na Scoile Tionlacan an Bhus Scoile.
Ba chóir fiosruithe a bhaineann le tionlacain bus a chur ar aghaidh go dtí Údaráis Bhainistíochta na Scoileanna.
Clár an tSamhraidh
I gClár an tSamhraidh, tairgtear tacaíocht foghlama do thréimhse shonraithe i rith laethanta saoire an tsamhraidh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Is gá do scoileanna a bhfuil Clár an tSamhraidh á reáchtáil acu na leanaí a bhfuil iompar scoile ag teastáil uathu a chlárú. Cuirtear iompar do Chlár an tSamhraidh ar fáil do leanaí atá ag glacadh páirt sa chlár scoilbhunaithe, atá incháilithe d’iompar scoile do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá ar sheirbhís faoi láthair. Áit nach bhfuil seirbhísí ar fáil do leanaí a bhaineann leas as iompar faoin scéim seo go hiondúil, tá maoiniú deontais iníoctha le tuismitheoirí/caomhnóirí incháilithe tar éis chlár an tsamhraidh a bheith curtha i gcrích.
Tuilleadh eolais maidir le Clár an tSamhraidh
Iarratas Iompair Scoile ar Iompar Scoile ar Chúiseanna Leighis
D’fhéadfadh an roinn breithniú a dhéanamh ar shocruithe iompair speisialta ar chúiseanna leighis. Chun iarratas a dhéanamh ar iompar scoile ar chúiseanna leighis, déan rochtain ar an nasc seo a leanas le do thoil : Iompar Scoile - Iarratas ar Iompar Scoile ar Chúiseanna Leighis
Próiseas na nAchomharc ar Iarratais ar Iompar Scoile
Má diúltaíodh d’iarratas ar iompar scoile, tá tú i dteideal achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Bord na nAchomharc Iompair Scoile
Tá an Bord neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna ach gníomhaíonn sé i gcomhréir (a) lena Théarmaí Tagartha mar a chinnfidh an tAire agus (b) le sraith Nósanna Imeachta Oibriúcháin.
Is iad seo a leanas na cineálacha cinntí a bhféadfaí achomharc a dhéanamh orthu:
- cinntí atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige nó ar a son faoi théarmaí na Scéime Iompair Scoile Bunscoile/Iar-bhunscoile agus na Scéime Iompair Scoile do Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
- cinntí déanta ag an roinn nó ar a son faoi na scéimeanna deontais éagsúla d’iompar scoile
- cinntí déanta ag Bus Éireann faoi na Treoirlínte um Smacht agus na Nósanna Imeachta chun Déileáil le Mí-iompar Líomhnaithe ar Iompar Scoile ach nach bhfuil cásanna san áireamh a mheasann Bus Éireann go bhfuil mí-iompar tromchúiseach i gceist atá mar bhagairt do shábháilteacht agus d’fholláine na ndaltaí agus/nó don tiománaí nó d’fheidhmiú sábháilte na seirbhíse go ginearálta
- d’fhéadfadh tuismitheoirí nó daltaí atá os cionn 18 mbliana d’aois achomharc a dhéanamh ar chinneadh atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige faoi théarmaí na scéimeanna iompair scoile nó ar chúnamh deontais faoi théarmaí na scéimeanna iompair
- d’fhéadfadh tuismitheoirí nó daltaí atá os cionn 18 mbliana d’aois achomharc a dhéanamh ar chinneadh atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige faoi théarmaí na scéimeanna iompair scoile nó ar chúnamh deontais faoi théarmaí na scéimeanna iompair
Is é ról an Bhoird a chinntiú go gcuirtear téarmaí na Scéime Iompair Scoile i bhfeidhm i gceart.
Le hachomharc a dhéanamh ar chinneadh na Roinne Oideachais agus Óige/Bhus Éireann, bain úsáid as an nasc seo a leanas: Bord na nAchomharc Iompair Scoile
Scéim Iompair Scoile - tionscadail phíolótacha 2024/2025
Cuireadh athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile i gcrích le déanaí. I ndiaidh fhaomhadh an Rialtais ag deireadh mhí Feabhra, foilsíodh Iompar Scoile 2030. Tá an Rialtas tiomanta d’obair a dhéanamh chun moladh na tuarascála a bhaint amach maidir le rochtain ar an scéim a mhéadú, ionas go mbeifear in ann 100,000 scoláire breise a iompair faoin mbliain 2030.
Cuirfear tús le cur i bhfeidhm céimnithe ar mholtaí na tuarascála i mí Mheán Fómhair 2024. Mar a tugadh le fios ag am sheoladh Athbhreithniú an Iompair Scoile, áireofar leis sin iarracht chomhroinnte idir an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Iompair, tacaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus Bus Éireann, chun comhtháthú níos fearr líonraí iompair phoiblí reatha le bealaí iompair iar-bhunscoile a reáchtáil ar bhonn píolótach agus a thabhairt isteach. Aithníodh dhá limistéar do na tionscadail phíolótacha tosaigh seo:
- Ceann amháin i limistéar Luimnigh/na Sionainne
- Ceann amháin i limistéar Ros Comáin/Bhaile Átha Luain.
I ndiaidh dhúnadh an phróisis iarratais don chéad scoilbhliain eile, déanfar machnamh ar thuilleadh tionscadal píolótach i limistéir eile na tíre. Déanfar é seo a chur san áireamh in áiteanna ina bhfuil éileamh féideartha ann agus nach bhfuil acmhainn/acmhainní mar shaincheist áirithe ann.
Tá an Scéim Iompair Scoile suntasach ó thaobh scála de agus tógfaidh sé am agus pleanáil chúramach chun na hathruithe, de réir mar a mholtar san athbhreithniú, a chur i bhfeidhm. Mar chuid den anailís a rinneadh don athbhreithniú, d’aithin an Roinn fás réamh-mheasta ar líon na scoláirí go náisiúnta. Tá obair ag tosú ar na sonraí seo a phleanáil agus a mhapáil, le húsáid a bhaint as teicneolaíocht CFG, leis an bpleanáil is fearr maidir leis an scéim seo a leathnú a chinntiú. Leanfar le rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear teaghlaigh agus pobail scoile, de réir mar a chuirtear athruithe na scéime i bhfeidhm.
Cuirfear tús le cur i bhfeidhm céimnithe ar mholtaí na tuarascála i mí Mheán Fómhair 2024. Áireofar leis sin iarracht chomhroinnte idir an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Iompair, tacaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus Bus Éireann, chun comhtháthú níos fearr líonraí iompair le bealaí iompair scoileanna a reáchtáil ar bhonn píolótach agus a thabhairt isteach.
Aithníodh dhá limistéar do na tionscadail phíolótacha tosaigh seo:
- Ceann amháin i limistéar Luimnigh/na Sionainne
- Ceann amháin i limistéar Ros Comáin/Bhaile Átha Luain.
Cuirfear na tionscadail phíolótacha atá beartaithe le linn na scoilbhliana 2024/2025 léargais luachmhara ar
- an tionchar a bheidh ag éileamh méadaithe ar an scéim.
- an fhéidearthacht seirbhísí iompair phoiblí a chomhtháthú le seirbhísí iompair scoile.
- éascú mhodhanna iompair níos inbhuanaithe
Tabharfar leid leis na léargais seo ar scála na pleanála agus cur i bhfeidhm a bheidh ag teastáil ó Scéim Iompair Scoile athbhreithnithe a chur i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta, chun comhtháthú sheirbhísí iompair phoiblí agus iompair scoile a chur san áireamh.
Beidh an Roinn Oideachais agus Óige ag dul i dteagmháil le teaghlaigh agus scoileanna sna limistéir phíolótacha chun comhairle a thabhairt dóibh maidir leis an méid atá i ndán dóibh agus conas iarratas a chur isteach ar iompar más mian leo.
Tá sonraí iomlána ar athbhreithniú na scéime ar fáil ag www.gov.ie/schooltransport/#school-transport-2030-review-of-the-school-transport-scheme
Foirm Theagmhála do Chustaiméirí Iompair Scoile
Tá Foirm Theagmhála do Chustaiméirí nua ar fáil do gach duine atá ag iarriadh tarraing isteach leis an aonad iompair scoile.
Is foirm ar líne é atá ar fáil go héasca agus simplí a líonadh. Tabharfaidh sé leide duit an t-eolas ar fad atá ag teastáil a iontráil ionas go féidir leis An Roinn Oideachais agus Óige a chinntiú go mbeadh gach idirghníomhú leis an gcustaiméir próiseáilte go pras agus proifisiúnta.
Teagmháil eile
Tá Foirm Theagmhála do Chustaiméirí nua ar fáil do gach duine atá ag iarriadh tarraing isteach leis an aonad iompras scoile.
Iompar Scoile Bhus Éireann
Tá sonraí teagmhála d’oifigí Iompair Scoile Bhus Éireann ar fáil.
Rannóg Iompair Scoile, An Roinn Oideachais agus Óige
- seoladh: An Roinn Oideachais agus Óige, Iompar Scoile, Bóthar Phort Laoise, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, R35 Y2NS
Fón
|
Teileafón |
|
Contae |
|
0579325466 |
|
Ginearálta |
|
0579324482 |
|
Sligeach, Luimneach, Maigh Eo |
|
0579324414 |
|
Baile Átha Cliath Bunscoileanna |
|
0579324459 |
|
Baile Átha Cliath Iarbhunscoileanna |
|
0579325461 |
|
Baile Átha Cliath Oideachais Speisialta |
|
0579325462, 0579324397 |
|
Corcaigh |
|
0579325436 |
|
Muineachán, Loch Garman |
|
0579325458 |
|
Ceatharlach, Laois, Cill Mhantáin |
|
0579325465 |
|
Ciarraí |
|
0579324459 |
|
Tiobraid Árann |
|
0579325460 |
|
Gaillimh, Ros Comáin |
|
0579324454 |
|
Uíbh Fhailí, An Clár, An Cabhán |
|
0579324360 |
|
Cill Dara, Lú, Port Láirge |
|
0579325455 |
|
Liatroim, An Iarmhí, An Mhí |
|
0579325457 |
|
Dún na nGall, Longfort, Cill Chainnigh |