Anne Burke

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Anne Burke

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá Anne Burke ina ball de chuid choiste Europa Donna Ireland (EDI). Is eagraíocht Eorpach é Europa Donna a thacaíonn le mná i dtaca le scagthástáil, diagnóis, cóireáil agus taighde a bhaineann leis an ailse chíche. Tá EDI in Éirinn le haon bhliain is fiche anuas agus bhí sé gníomhach i bhfeachtais ar nós an aois le haghaidh scagthástáil um an ailse chíche a leathnú amach agus chun tacaíocht a thabhairt do mhná a bhfuil ailse chíche mheiteastatach orthu.

Tá cúlra ag Anne san eolaíocht leighis agus d’éirigh sí as a post le déanaí. In 2017, chríochnaigh Anne MSc sa Chumarsáid Eolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá suim ar leith ag Anne sa chaoi a ndéanann othair cumarsáid faoi thinneas agus sa chaoi go bhfuil an tslí a roinntear eolas ag athrú mar gheall ar an gcumarsáid ar líne. Tá suim aici i saincheisteanna maidir leis an meabhairshláinte freisin agus tá sí ag traenáil le bheith ina hoibrí tacaíochta piaraí.

Tá Anne ina cónaí i mBaile Átha Cliath lena clann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat