Ceapachán chuig Bord Ospidéal Naomh Séamas:

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Bord Ospidéal Naomh Séamas:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Márta 2026
  • An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2026

Ar ainmniúchán an Chathaoirligh, i gcomhairle leis an bPríomhfheidhmeannach, cheap an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, TD, Bean Jenny Fisher ar Bhord Ospidéal San Séamas le héifeacht ón 17 Feabhra 2026 go dtí an 16 Feabhra 2032.

Jenny Fisher

Is í Jenny Fisher Príomhfheidhmeannach NBI Deployment, atá i gceannas ar chur i bhfeidhm an infheistíochta bonneagair thuaithe is mó in Éirinn ó cuireadh leictriú tuaithe i gcrích.

Chuaigh Jenny le National Broadband Ireland in 2020, agus breis agus fiche bliain de thaithí cheannaireachta agus chomhairleach aici ar thionscadail chasta, ardphróifíle i dtimpeallachtaí atá faoi rialáil dhian agus faoi chuntasacht phoiblí. Thóg sí a gairm bheatha sa tionscal bonneagair, le saineolas ar leith sna hearnálacha uisce, iompair, oideachais agus dramhaíola, chomh maith le timpeallachtaí rialáilte eile.

Sular ceapadh í ina Príomhfheidhmeannach, bhí Jenny ina Príomhoifigeach Dlí agus Riaracháin agus ina Príomhoifigeach Slándála in NBI, agus í freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar gach gnó dlí agus rialála, le béim ar leith ar rialachas corparáideach agus ar chomhlíonadh oibleagáidí na cuideachta i leith an Stáit.

Níos luaithe ina gairm bheatha, bhí Jenny ina comhpháirtí ar feadh cúig bliana i gceann de phríomhghnólachtaí dlí na hÉireann, áit ar chuir sí comhairle ar thionscadail mhóra bonneagair agus tráchtála. Ina dhiaidh sin, bhí ról lárnach aici i mbunú Irish Water, áit a raibh sí i gceannas ar an bhfeidhm dhlí ón tús, agus d’fhóin sí ina Ceannaire ar Ghnóthaí Corparáideacha, Dlí agus Rialála ag an National Lottery ar feadh ceithre bliana, ag déanamh maoirseachta ar rialachas, ar chomhlíonadh agus ar straitéis rialála in earnáil atá faoi ghrinnscrúdú dian.

D’fhóin Jenny roimhe seo mar chomhalta den Choiste Iniúchta agus Riosca don charthanas Self Help Africa.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat