Athcheapachán ar Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann:

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapachán ar Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Márta 2026
  • An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2026

Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, Athcheaptha na comhaltaí seo a leanas do Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann le heifeacht 28 Martá 2026 go dtí an 27 Martá 2029.

An tUasal Peter Dennehy

Is Abhcóide a bhíonn ag cleachtadh a ghairme mar Innealtóir Cairte agus Idirghabhálaí & Eadránaí Creidiúnaithe é Peter Dennehy. Faoi láthair, is ball de Chomhairle Chumann Cógaiseoirí na hÉireann é agus is ball de Bhord Rialaithe an Choimisiúin Pleanála é. D’oibrigh sé roimhe seo mar Phríomhoifigeach ar an gan Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil agus mar Leas-POF, mar Stiúrthóir ar Sheirbhísí Corparáideacha & mar Rúnaí Boird ag Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, agus mar Stiúrthóir ar Sheirbhísí Corparáideacha an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

An tUasal Kevin Gregory

Is Cuntasóir Cairte agus Stiúrthóir ar Fhiontair Shóisialta agus Infhostaitheachta le Rehab Group é Kevin Gregory a bhfuil freagracht aige as fiontair shóisialta in Éirinn, in Albain agus sa Pholainn. Tá breis agus deich mbliana de thaithí cheannaireachta straitéisí aige san earnáil pobail agus san earnáil dheonach. D’oibrigh Kevin roimhe seo mar Stiúrthóir Airgeadais, AD & TF leis an gcarthanas leanaí Barnardo’s agus mar Stiúrthóir Airgeadais, TF & Rialachais le Focus Ireland. Tá sé ar Choiste Airgeadais an Lárionaid do Sheirbhísí Éifeachtacha, bhí sé ina Stiúrthóir ar Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil roimhe seo agus ina chisteoir ar a gCoiste Airgeadais, Riosca, AD & Tiomsaithe Airgid, agus ina iar-Stiúrthóir ar Volunteer Ireland.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat