An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Athcheapachán chuig an mBord Árachais Sláinte Deonach
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’athcheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an tUasal Dean Holden a leanas mar bhall ar an mBord Árachais Sláinte Deonach, le héifeacht ó 31ú Eanáir 2023 go dtí an 30ú Eanáir 2026.
Dean Holden
D’oibrigh Dean Holden i réimse leathan ról sinsearach airgeadais, bainistíochta ginearálta agus Boird ag Bupa, an t-árachóir sláinte agus eagraíocht chúram sláinte príobháideach is mó sa RA). Chaith sé 15 bliana mar Phríomhfheidhmeannach/MD Rannóige ag tuairisciú do Phríomhfheidhmeannach an Ghrúpa agus mar chomhalta den Fhoireann Fheidhmeannach Dhomhanda. Bhí an ról ba dhéanaí aige, go dtí deireadh 2016, mar CEO/MD ar an Aonad Margaidh ab mhó ag Bupa, an Astráil agus an Nua Shéalainn. Tá os cionn 25 bliain de thaithí Boird aige mar Stiúrthóir feidhmeannach agus neamhfheidhmeannach sa RA, sa Spáinn, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, san Araib Shádach agus san India.