Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh
- Foilsithe: 24 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis ainmniúcháin na Roinne Oideachais, tar éis an Dochtúir Joseph McVeigh a cheapadh ar Bhord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 27ú Márta 2023 go dtí an 26ú Márta 2027.
An Dochtúir Joseph McVeigh
Tá an Dochtúir McVeigh ina Léachtóir Sinsearach agus Ceann Disciplín na Fisiteiripe i COC faoi láthair tar éis dó gairm fhada a bheith aige in oideachas na bhfisiteiripeoirí. Bhí neart post coiste aige le Cumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann agus bhí sé ina bhall de Choiste Eitice Oifig an Taighde i dTuaisceart na hÉireann.
Is taighdeoir gníomhach é an Dochtúir McVeigh a bhfuil go leor páipéar foilsithe aige agus rinne sé stiúrthóireacht ar mhic léinn PhD chun críche. Bhí baint aige mar eagarthóir ar irisí éagsúla le réimse na fisiteiripe agus ceapadh é le déanaí ar Choiste Feidhmiúcháin Chumann Taighde na Fisiteiripe (RA). Tá an Dochtúir McVeigh ina bhall freisin de go leor coistí i COC, lena n-áirítear Leas-Chathaoirleach reatha Fhoireann Féinmheasúnaithe Athena Swan de chuid Scoil na dTeiripí Cliniciúla.
Tar éis fheachtas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí ar Bhord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón XX Meitheamh 2021 go dtí 05 Bealtaine 2025:
Anne Marie Cullen
Is cleachtóir dlí í Anne Marie Cullen a bhfuil taithí aici agus a d'oibrigh i réimsí éagsúla dlí ó cháiligh sí ina dlíodóir in 2000. Tá saineolas nach beag aici maidir le rialachas corparáideach, rialáil agus an córas cúraim sláinte in Éirinn. Faoi láthair tá sí ag obair in Oifig Inmheánach Seirbhísí Dlí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá sí ina cuid d'fhoireann a bhainistíonn caidreamh na heagraíochta le comhairleoirí seachtracha dlí agus a dhéanann monatóireacht ar na rioscaí dlí atá roimh an eagraíocht. Is comhaltaí de Ghrúpa Stiúrtha FSS um Beartas Náisiúnta Toilithe í freisin, ar grúpa ilghníomhaireachta é a bhfuil sé de chúram air Beartas Náisiúnta Toilithe FSS a nuashonrú.
Sular thosaigh sí ag obair le FSS, ba pháirtí í Anne Marie le Wallace Reidy & Company Solicitors i Luimneach, áit ar phléigh sí le raon leathan réimsí dlí, idirbhearta réadmhaoine, Probháid agus Coimircíocht san áireamh.
Fuair sí Céim Bhaitsiléara sa Dlí Sibhialta ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus chríochnaigh sí cúrsa cáilíochtaí proifisiúnta Dhlí-Chumann na hÉireann. Anuas air sin, tá cáilíochtaí aici ón Dlí-Chumann i gCánachas Maoine, Iontaobhas agus Pleanáil Eastáit agus Teastas in Acmhainn agus Tacaíocht Cinnteoireachta Cuidithe. In 2018 chríochnaigh Anne Marie Teastas Gairmiúil Iarchéime an Fhorais Riaracháin i Rialachas agus le déanaí chríochnaigh sí Ard-Dioplóma sa Dlí Leighis le Comhlacht Onórach Óstaí an Rí.
Is comhalta boird Headway Ireland í Anne Marie freisin, ar carthanas cláraithe é a thacaíonn le daoine fásta a dtéann gortú inchinne i bhfeidhm orthu.
Lisa Molloy
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann na hÉireann um Chomhairleoireacht agus Síciteiripe (IACP) is ea Lisa. Ina cáil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, oibríonn Lisa go dlúth leis an gCathaoirleach agus an bord i gcoitinne chun luachanna, misean agus cuspóirí straitéiseacha na heagraíochta a chinneadh agus chun pleanáil a dhéanamh le haghaidh spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha.
Sular oibrigh sí leis an IACP, ba í Ceannasaí Rialachais, Cumarsáide agus Rúnaí ar Chomhairle na nDochtúirí Leighis le breis is deich mbliana. Sa ról sin thug sí comhairle don Chomhairle maidir le gach ábhar rialachais chorparáidigh, chinntigh sí gur cloíodh leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, thuairiscigh sí de réir mar ba ghá don Roinn Sláinte agus d'oibrigh sí le hiniúchóirí inmheánacha. I measc na bhfreagrachtaí eile a bhí aici, bhainistigh sí cumarsáid agus na meáin don Chomhairle agus rinne sí maoirseacht ar na feidhmeanna Saorála Faisnéise agus Cosanta Sonraí.
Ó 2002 go dtí 2006, d'oibrigh Lisa mar Rúnaí Boird don Bhord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil. I measc na bhfreagrachtaí a bhí uirthi mar chuid de sin, bhí feidhm chuntasaíochta an Bhoird ó lá go lá, meastacháin bhliantúla a ullmhú agus acmhainní daonna a bhainistiú.
Fuair Lisa BA sa Bhainistíocht Phoiblí in 1998, MSc sa Cheannaireacht Feidhmiúcháin in 2014 agus Dioplóma Gairmiúil sa Chruthaitheacht, Nuálaíocht agus Ceannaireacht in 2020.
Faoi láthair tá sí ar Bhord Clárúcháin na nGairmithe Radharceolaíochta CORU agus is comhalta painéil an tsainghrúpa de Choiste Náisiúnta um Monatóireacht Feidhmithe í , coiste a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm an bheartais náisiúnta meabhairghalar, An Fhís a Roinnt.