Ceapacháin chun na Comhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chun na Comhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis ainmniúchán ó Chumann Duán na hÉireann, tá an comhalta seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D., ar an gComhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C. Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 8ú Márta 2022 go dtí an 7ú Márta 2025.

Aoife Smith

Is síciteiripeoir comhtháiteach daonnachaíoch lánchreidiúnaithe í Aoife Smith, atá ag obair i gcleachtas príobháideach ó 2008. Bhí sí ina hionadaí sainchúraim sa tionscal cúraim sláinte ar feadh fiche bliain freisin, ag fáil taithí sárluachmar le linn an ama seo ag obair i dtinneas ainsealach mar dhiaibéiteas, galair riospráide, agus bainistiú péine. Tá sí ina comhordaitheoir ar sheirbhísí comhairleoireachta ag Cumann Duán na hÉireann.

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis na comhaltaí seo a leanas a athcheapadh ar an gComhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C. Tá na hathcheapacháin seo le héifeacht ón 8ú Marta 2022 go dtí an 7ú Márta 2025.

Josephine Mahony

Bhí Josephine Mahony Uas. ar dhuine de bhunaitheoirí Positive Action agus d’oibrigh sí leis an ngrúpa go dtí 2004. Faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar Ghrúpa na mBan Frith-D.

Christine Bruton

D’oibrigh Christine Bruton Uas. le Positive Action ó 1994 agus bhí sí ina Ball Feidhmiúcháin den ghrúpa ó 2009-2014. Tá sí ina hionadaí aoi láthair do mhná atá ag fulaingt ó Heipitíteas C san Oirthuaisceart.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat