Ceapachán chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2021

Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an duine seo a leanas mar bhall den Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 15 Iúil 2021 go dtí an 20 Márta 2023:

An tUasal Michael Francis Redmond

Bhí Michael ina iar-POF ar Ospidéal Príobháideach Naomh Uinseann (2002 – 2013) agus ar Ospidéal Chluain Tarbh (1994 – 2002). Tá MBA aige i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Dioplóma i gCaidreamh Tionsclaíoch ón gColáiste an Chaidrimh Thionsclaíoch. D'oibrigh sé freisin mar Stiúrthóir na nOibríochtaí ag Ospidéal Speisialaithe Leanaí Rí Abdullah i Riyadh ina bhfuil 600 leaba sular fhill sé ar Éirinn in 2019. Tá taithí fhairsing aige i mBainistíocht Seirbhísí Cliniciúla agus Neamhchliniciúla Ospidéil, Bainistíocht Cáilíochta, Bainistíocht Acmhainní Daonna agus Coimisiúnú. Ceapadh é le déanaí mar Stiúrthóir ar Bhord Sheirbhís Faisnéise Saoránach Thuaisceart Laighean.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat