Ceapachán le Bord Ospidéal Thamhlachta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán le Bord Ospidéal Thamhlachta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ar ainmniú Uachtarán an Ospidéil, rinne an tAire Sláinte, Simon Harris, T.D., na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhaill de Bhord Ospidéal Thamhlachta ón 22 Bealtaine 2020 go dtí an 21 Feabhra 2023:

An tUasal Liam Dowdall

Sainchomhairleoir é Liam ón mbliain 2019 ar aghaidh sa Rannóg Athstruchtúraithe agus Aisghabhála de Smith & Williamson. Bhí sé ina Cheann ar an Rannóg Athstruchtúraithe agus Aisghabhála ó Mhárta 2010 go dtí an 31 Eanáir 2016.

Chaith Liam breis agus 25 bliain ag oibriú i gComhairle Chorparáideach agus in Aisghabháil Chorparáideach. Sular thosaigh sé ag oibriú le Smith & Williamson, chaith Liam 27 bliain ag oibriú le BDO, 5 bliana ina measc (1990-1995) mar Chomhpháirtí Bainistíochta. Ba é Liam an Comhpháirtí i gCeannas ar Aonad Aisghabhála Corparáidí BDO ó 1997 go 2009.

Poist agus róil eile

Tá Liam ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Ospidéal Thamhlachta ó Bhealtaine 2017 agus d’fhóin sé mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar an mBord ar feadh breis agus 9 mbliana.

Tá Liam ina Stiúrthóir freisin ar Bhord Ghrúpa Ospidéal na Leanaí.

Fónann Liam i gCoiste Ceannaireachta an Fhóraim Shláinte Dheonaigh.

Taithí Ghairmiúil

30+ bliain

Cáilíochtaí

  • Baitsiléir Ealaíon sa Staidéar Gnó (Onóracha)
  • Máistreacht sna hEalaíona (M.A.)

Ballraíocht de Chomhlachtaí Gairmiúla

  • Comhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Cuntasóir Cairte Comhalta)
  • Ball de Shochaí Chleachtóirí Dócmhainneachta na hÉireann (SCDÉ)
  • Ball de Insol International & R3
  • Idirghabhálaí Creidiúnaithe – an tIonad um Réiteach Éifeachtach Díospóidí
  • Cleachtóir Ceadúnaithe Dócmhainneachta sa Ríocht Aontaithe agus i dTuaisceart Éireann

Príomhscileanna

  • Athstruchtúrú gnó
  • Dócmhainneacht
  • Airgeadas Corparáideach
  • Rianú calaoise agus sócmhainní
  • Tacaíocht dlíthíochta

Saineolas Earnála

  • Cúram sláinte
  • Mótarfheithiclí
  • Tógáil
  • Fáilteachas
  • Lóistíocht agus dáileadh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat