Athcheapadh chuig an gComhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil:
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2025
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, tar éis an comhalta seo a leanas a athcheapadh chuig an gComhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil le héifeacht ón 14 Meitheamh 2025 go dtí an 13 Meitheamh 2029.
Martin O’Reilly
Martin O’Reilly Ceapadh é tar éis próiseas seirbhíse ceapacháin phoiblí mar dhuine a bhfuil spéis nó saineolas speisialta aige i gcúram éigeandála réamhospidéil. Tá an Ceapachán ón 14 Meitheamh 2021 go dtí an 13 Meitheamh 2025.
Is as Cathair Bhaile Átha Cliath do Martin O’Reilly ó dhúchas agus tá baint aige le cúram éigeandála réamhospidéil le 32 bliain. Agus é ag fónamh mar bhall de Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath (DFB), d’oibrigh Martin mar Theicneoir Leighis Comhraiceoir Dóiteáin-Éigeandála, Paraimhíochaineoir agus Ard-Pharaimhíochaineoir. Faoi láthair tá sé ina Oifigeach Dúiche do Sheirbhísí Leighis Éigeandala sa DFB.
Thar na blianta bhí baint ag Martin le hoideachas agus oiliúint réamhospidéil leis an DFB agus a gcomhpháirtithe oideachais, Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn (RCSI). D’fhóin sé freisin mar oibrí deonach le Foras Croí na hÉireann, ag múineadh ar a gclár ACS pobail.
Tá Martin ina bhall de Choiste Comhairleach Leighis na Comhairle um Chúram Éigeandála Réamhospidéil (PHECC) le beagnach fiche bliain mar Éascaitheoir.