Fáiltíonn an tAire McGrath roimh an bhfíseán atá seolta ag An Garda Síochána chun cabhrú le Daoine Bodhra

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McGrath roimh an bhfíseán atá seolta ag An Garda Síochána chun cabhrú le Daoine Bodhra

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fháiltigh an tAire Míchumais, Finian McGrath, roimh fhíseán atá á sheoladh ag An Garda Síochána ina ndéantar cur síos ar an gcúnamh is féidir le An Garda Síochána a thabhairt do dhaoine bodhra agus do dhaoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu i rith éigeandáil shláinte phoiblí COVID-19.

Dúirt an tAire go bhfuil

"obair mhór á déanamh ag na Gardaí, ach oiread leis an bhfoireann túslíne ar fad, chun tacú leis an bpobal i rith na tréimhse dúshlánaí seo. Tuigeann sé, áfach, go mb’fhéidir nach mbeidh daoine bodhra agus daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu ar an eolas faoin gcúnamh atá ar fáil”.

"Nuair a phlé mé na féidearthachtaí a bhain leis an bhfíseán feasachta seo a fhorbairt i dteannta le foireann bhainistíochta an Gharda Síochána, cúis áthais dom go raibh siad toilteanach tabhairt faoi. Cabhróidh an físeán seo go mór le grúpa a ndéanann an tsochaí trí chéile dearmad air de ghnáth mar gheall ar an rud ar a dtugtar an míchumas ceilte uaireanta."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat