"Tá dlúthpháirtíocht ina sainthréith de fhreagairt na hÉireann ar COVID-19 - agus caithfidh sí fanacht mar sin”
- Foilsithe: 25 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Eanáir 2021
An Dr Siobhán O'Sullivan - Príomhoifigeach Bitheitice, an Roinn Sláinte
Ó thús phaindéim COVID-19, tá freagairt na hÉireann bunaithe ar sheacht phríomhphrionsabal eiticiúil: dlúthpháirtíocht, cothroime, díobháil a íoslaghdú, comhréireacht, cómhalartacht, príobháideacht agus dualgas cúram a sholáthar.
I mí an Mhárta 2020, d’fhoilsigh an Roinn Sláinte an Creat Eiticiúil um Chinnteoireacht le linn Paindéime, ina leagtar amach na prionsabail seo a threoraíonn ár gcomhfhreagairt ar an éigeandáil sláinte poiblí gan fasach seo.
Bhí drochthionchar ag an bpaindéim seo ar gach duine in Éirinn ar bhealaí éagsúla agus dúshlánacha. Agus muid ag obair le chéile chun an víreas a chur faoi chois, rinneamar íobairtí ar leibhéal an duine aonair agus na sochaí - agus trí sin a dhéanamh, rinneamar go leor roghanna pearsanta deacra.
Ar an dul céanna, bhí cinntí deacra le déanamh ag lucht déanta beartas agus cliniceoirí. Bhí agus beidh sé ríthábhachtach i gcónaí do chinnteoireacht eiticiúil go mbeadh iliomad prionsabal inár gcreat eiticiúil, a léiríonn iolrachas luachanna. Tá na croíphrionsabail seo mar bhunchloch freisin do chur chuige na hÉireann maidir le clár vacsaínithe a rolladh amach chun muid go léir a chosaint ar COVID-19.
Cuireann an phaindéim béim ar cheisteanna maidir leis na rudaí ar chóir dúinn a dhéanamh dá chéile agus ar chóir dúinn tosaíocht a thabhairt dóibh mar shochaí. Chuir sé faoi deara dúinn scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi agus a mhéid a luacháiltear leas an phobail inár sochaí. Cuireadh béim ar dhlúthpháirtíocht le linn na paindéime agus bhí sé tábhachtach maidir le comhtháiteacht shochaíoch. Is éard atá i gceist le dlúthpháirtíocht ná seasamh in aice le daoine eile agus seasamh suas dóibh, aghaidh a thabhairt ar bhagairt choitianta agus ár sprioc comhroinnte a bhaint amach, an víreas seo a chur faoi chois. Is aitheantas é dár ndaonnacht roinnte agus dár n-idirnascthacht ina dtugann daoine tacaíocht fhrithpháirteach dá chéile. Chuir an fealsamh Jurgen Habermas síos ar dhlúthpháirtíocht mar “an taobh eile den cheartas”. Nochtann agus géaraíonn COVID-19 éagothroime sláinte agus sóisialta a bhí ann cheana, ina raibh ualach díréireach ag titim ar dhaonraí leochaileacha agus faoi mhíbhuntáiste. Ní mór dúinn a bheith cúramach nach ndéanann na cinntí a dhéanaimid le linn na paindéime seo an éagothroime seo a dhoimhniú.
Tá vacsaíniú ar cheann de na rudaí is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh chun muid féin agus daoine eile a chosaint ar dhrochshláinte. Go simplí: faighimid an vacsaín ar mhaithe le daoine eile agus ar mhaithe linn féin. Is é an pointe tosaigh maidir le cinneadh a dhéanamh faoi cé na grúpaí ba cheart na leithdháiltí vacsaín is luaithe a fháil, go háirithe le linn na tréimhse soláthair srianta seo, ná a aithint go bhfuil an meas agus an breithniú céanna tuillte ag gach duine. Féachann an straitéis leithdháilte vacsaíní le cothromaíocht a fháil idir an riachtanas an rud is fearr a dhéanamh agus a chinntiú go gcaitear go cothrom le gach duine. Baineann an dara ceann le breithniú speisialta a dhéanamh orthu siúd is leochailí.
Tugtar tosaíocht ó thaobh soláthar vacsaín COVID-19 do na daoine sin a bhfuil riosca méadaithe ann go bhfaighidh siad bás nó go mbeidh siad an-tinn. Is í an aois an fachtóir riosca is mó a bhaineann le bás nó éirí an-tinn ón víreas. Méadaítear an riosca seo do dhaoine scothaosta a chónaíonn i gcúram cónaithe fadtéarmach mar tá riosca níos airde ann go mbeidh siad nochtaithe d'ionfhabhtú. In Éirinn, sa chéad ráig de COVID-19, bhain 56% de na básanna leis an suíomh seo. Tá an fhadhb sé níos measa mar gheall ar bhunriochtaí sláinte, rud a mhéadaíonn de réir mar a théann duine in aois.
Tugtar tús áite d’oibrithe cúram sláinte túslíne sa chéim tosaigh seo freisin. Tá baol mór ann go nochtfar an grúpa don víreas. Sa chéad ráig, bhain níos mó ná 30% de chásanna COVID-19 leis an ngrúpa seo. Má dhéanann ár n-oibrithe cúram sláinte an víreas a tholg ní amháin go mbeidh tionchar aige sin ar a sláinte féin ach beidh tionchar aige freisin ar a gcumas cúram riachtanach a sholáthar. Tugtar tús áite d'oibrithe sláinte toisc gur iadsan a iompraíonn na hualaí is mó maidir leis an sochaí níos leithne agus an córas sláinte a chosaint.
Beidh daoine áirithe a bhfuil bunriochtaí sláinte acu i mbaol mór-ionfhabhtaithe a tholg agus tá baol níos mó ann go bhfaighidh siad bás i gcomparáid le daoine sláintiúla den aois chéanna. Is léir freisin gur féidir le tosca socheacnamaíocha lena n-áirítear slí bheatha, chomh maith le maireachtáil nó oibriú in áiteanna plódaithe, an soghabháltacht i leith COVID-19 a mhéadú agus an tionchar a bhíonn ag an víreas tar éis ionfhabhtaithe. Ó thaobh na cothroime de, déanann sé ciall rochtain luath a thabhairt do na grúpaí leochaileacha seo.
Ní chosnaítear aon duine go dtí go gcosnaítear gach duine
Níl mórán maitheasa le dlúthpháirtíocht mura gcuirimid i bhfeidhm í ach orthu siúd atá an-chosúil linn féin agus má thagann téarmaí agus coinníollacha léi. Ní éireoidh le hiarrachtaí chun an phaindéim a rialú ar an leibhéal náisiúnta ach amháin má dhéanaimid ár gcuid san iarracht dhomhanda. Tá dínit agus meas dlite do gach duine, ní amháin dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu laistigh dár dteorainneacha. Cé go bhfuil muidne in Éirinn agus sa chuid eile den Eoraip tosaithe cheana féin ar ár ngrúpaí tosaíochta a vacsaíniú, ní bheidh rochtain ag beagnach an ceathrú cuid de dhaonra an domhain i dtíortha ar ioncam íseal agus meánioncaim den chuid is mó, roimh 2022. Chuir Ard-Stiúrthóir WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus síos air seo mar “teip mhorálta ollmhór”. Ní amháin gurb é dáileadh cothrom, domhanda vacsaíní COVID-19 an rud ceart le déanamh, ach trí na daoine is leochailí a chosaint tá muid ár gcosaint féin. Rud atá tábhachtach, tá na prionsabail eiticiúla a threoraigh an straitéis leithdháilte vacsaíní bunaithe ar chreat luachanna WHO maidir le leithdháileadh agus tosaíocht vacsaíniú COVID-19.
In 2020, chonaiceamar conas is féidir linn difríocht a dhéanamh nuair a oibrímid le chéile ar leibhéal an phobail trí cloí le bearta sláinte poiblí. Ní raibh sé riamh níos soiléire go mbíonn tionchar ag ár ngníomhartha féin ar dhaoine eile, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal domhanda araon. Is lionsa eiticiúil ábhartha í an dlúthpháirtíocht trínár féidir féachaint ár bhfreagairt ar an bpaindéim.
CRÍOCH
An tÚdar
Is í an Dr Siobhán O'Sullivan an Príomhoifigeach Bitheitice sa Roinn Sláinte agus tá sí ina ball den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí. Toghadh an Dr O'Sullivan, Leas-Chathaoirleach an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí (EGE) le déanaí mar Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste Bitheitice i gComhairle na hEorpa. Is Ollamh oinigh í i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, áit a ndéanann sí teagacs ar Eitic agus Dlí Cúraim Sláinte.
Nótaí
- creat eiticiúil um chinnteoireacht le linn paindéime: www.gov.ie/ga/foilsiuchan/creat-eiticiuil-le-haghaidh-cinnteoireachta-i-bpaindeim/
- straitéis tosaíochta maidir le leithdháileadh vacsaíní: Item was unpublished or removed