€17.8 milliún bronnta ar thionscadail nua Chomhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí i leith téama na hinbhuanaitheachta comhshaoil
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil maoiniú €17.8 milliún leithdháilte d’aon tionscadal déag nua faoi bheart na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta (EIP) de chuid Phlean Straitéiseach CBT, 2023-2027.
Dúirt an tAire Heydon:
“Leis na haon tionscadal déag nua atá chun maoiniú a fháil inniu léirítear go soiléir an tábhacht a bhaineann leis an gClár EIP maidir le nuálaíocht a thiomáint ar leibhéal na feirme, agus maidir le réitigh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a thriail agus a mhéadú ar na dúshláin atá le tabhairt ag feirmeoirí. Áirítear leo siúd straitéisí saincheaptha a sholáthar do fheirmeoirí déiríochta, mairteola, caorach agus curadóireachta chun a n-aistriú chuig talmhaíocht athghiniúnach a éascú, cleachtais talmhaíochta athghiniúnacha a chur chun cinn d’fhonn sláinte ithreach a athbhunú, bithéagsúlacht a fheabhsú agus athléimneacht na gcóras feirmeoireachta in Éirinn a fheabhsú, agus d’fhonn tionscadal atá tiomnaithe do bhainistíocht cothaitheach a chlaochlú laistigh d’earnáil curadóireachta na hÉireann freisin.”
Is tionscadail chomhoibríocha áitiúla iad na CFGanna ina mbíonn feirmeoirí ag triail gníomhartha ar fheirmeacha chun torthaí praiticiúla agus ceachtanna a chinntiú a mbeidh sé éasca iad a leathnú agus a roinnt.
Lean an tAire ar aghaidh ag rá:
“Leis na haon tionscadal déag a roghnaíodh pléitear téama na hinbhuanaitheachta comhshaoil san earnáil feirmeoireachta, agus beidh siad ar siúl ar feadh tréimhsí idir ceithre agus cúig bliana. Is léiriú soiléir iad na tionscadail seo, lena gcuimsítear raon leathan ábhar agus ina léirítear scaipeadh geografach leathan, ar an toilteanas atá i measc feirmeoirí agus an phobail i gcoitinne comhoibriú chun déileáil le dúshláin chomhshaoil ar fheirmeacha ar leibhéal áitiúil. Táim ag tnúth le bheith páirteach sna tionscadail seo agus iad ag dul ar aghaidh sna blianta amach romhainn, agus le feiceáil conas a chabhróidh siad le forbairt beartais amach anseo a threorú agus le dul i ngleic le príomhthosaíochtaí na roinne i réimsí sláinte ithreach, talmhaíocht athghiniúnach agus inbhuanaithe, feirmeoireacht orgánach, agus an gheilleagar ciorclach agus bithgheilleagar.”
Nótaí d’eagarthóirí
Tá tionscnamh na gComhpháirtíochtaí Nuálacha Eorpacha (EIP) comhmhaoinithe ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann faoin bPlean Straitéiseach CBT, 2023-2027. Maoineoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara íocaíochtaí le feirmeoirí chomh maith le costais riaracháin an Ghrúpa Oibríochtúil. Beidh na tionscadail seo ar siúl ar feadh tréimhsí idir ceithre agus cúig bliana.
Baineann tionscnamh an EIP le réimse geallsealbhóirí ag teacht le chéile chun réitigh nuálacha a thriail atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar fheirmeacha na hÉireann. Tá na tionscadail á stiúradh agus á gcur i bhfeidhm ag Grúpaí Oibríochtúla comhoibríocha go háitiúil, lena n-áirítear feirmeoirí, eolaithe, éiceolaithe agus saineolaithe eile, chun spriocanna sonracha a bhaint amach.
Is comhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) ar bheartas é lena ndeimhnítear soláthar cobhsaí bia, cosnaítear ioncam feirmeoirí, an comhshaol agus lena gcoinnítear ceantair thuaithe beomhara. Déanann tíortha an AE an CBT a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.
Tar éis próiseas meastóireachta arna sheoladh ag coiste saineolaithe agus critéir roghnúcháin ceadaithe á dtagairt, ceadaíodh na tionscadail seo a leanas le dul ar aghaidh chuig an gcur i bhfeidhm iomlán:
Is féidir tuilleadh eolais faoin tionscnamh um Chomhpháirtíocht Nuálaíochta na hEorpa a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag gov.ie - Scéim Chomhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (www.gov.ie).