Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais ar Scéim Tacaíochta Teicniúla Eachaí & Pórúcháin Eachaí 2025

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais ar Scéim Tacaíochta Teicniúla Eachaí & Pórúcháin Eachaí 2025

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu seoladh na Scéime Tacaíochta Teicniúla Eachaí agus Pórúcháin Eachaí 2025 agus go bhfuil sí oscailte chun iarratais a fháil. Tacaíonn an scéim le forbairt ár dtionscail eachaí dhúchasaigh trí infheistíocht spriocdhírithe faoi thrí cheannteideal cláir: Clár Ginearálta; Clár Oiliúna/Oideachais; agus Clár um Thaighde ar Ghalair Eachaí.

Dúirt an tAire

“Tá áthas orm seoladh na Scéime Tacaíochta Teicniúla agus Pórúcháin Eachaí 2025 a fhógairt ar fiú €854,000 í don earnáil eachaí. Tá mé an-tiomanta don tacaíocht leanúnach don earnáil a rannchuidíonn go mór leis an ngeilleagar tuaithe agus creatlach na tuaithe in Éirinn. Cuirtear an maoiniú ar fáil chun tacú le tionscadail éagsúla sa tionscal eachaí. Faomhadh go leor tionscadal nuálacha leabhar graí, póraithe agus oideachais agus taighde faoin scéim seo in 2024 agus bronnadh maoiniú ar naoi n-eagraíocht chun 38 dtionscadal a sheachadadh. Táim ag súil le tuilleadh tionscadal a fhaomhadh a chuideoidh agus a rannchuideoidh le forbairt inbhuanaithe na hearnála”.

Ní mór d’iarratasóirí téarmaí agus coinníollacha sonracha gach cláir a chomhlíonadh agus is gá go gcríochnófaí agus go dtuairisceofaí tionscadail ag deireadh 2025. Is é 5 i.n. ar an 16 Nollaig 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratais a fháil.

Tá tuilleadh sonraí faoin scéim, lena n-áirítear cóip de théarmaí agus coinníollacha gach cláir, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne faoi ‘Scéim Tacaíochta Eachaí’.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin scéim, déan teagmháil leis an Rannán Póraithe, Táirgthe agus Trádála Beostoic, an Cabhán

• guthán: 049 4368242

• ríomhphost: ets@agriculture.gov.ie

DEIREADH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat