Fógraíonn an tAire McConalogue oscailt iarratas ar Scéimeanna Tacaíochta Teicniúla Eachaí agus Pórú Eachaí
- Foilsithe: 19 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu seoladh na Scéime Tacaíochta Teicniúla Eachaí agus Pórú Eachaí 2023 agus an oscailt chun iarratais a fháil.
Tá an scéim, a bhfuil buiséad níos mó ná €800,000 aici, comhdhéanta de thrí cheannteideal cláir: Clár Ginearálta; Clár Oiliúna/Oideachais; agus Cláir um Thaighde ar Ghalair Eachaí.
Dúirt an tAire
“Tá áthas orm seoladh na Scéime Tacaíochta Teicniúla Eachaí agus Pórú Eachaí 2023 a fhógairt, ar fiú € 850,000 í i mbliana. Cuirtear an cistiú ar fáil chun tacú le tionscadail éagsúla sa tionscal eachaí. Léiríonn an tiomantas agus an tacaíocht leanúnach seo don earnáil eachaí i réimsí na ngraíleabhar agus an phórúcháin, an oideachais agus an taighde, mo thiomantas d'fhorbairt leanúnach na hearnála eachaí”.
Beidh sé d'oibleagáid ar iarratasóirí ar chabhair téarmaí agus coinníollacha sonracha gach cláir a chomhlíonadh agus ní mór tionscadail a bheith críochnaithe faoi dheireadh na bliana. 5pm Dé hAoine an 10 Feabhra 2023 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá tuilleadh sonraí faoin scéim, lena n-áirítear cóip de théarmaí agus coinníollacha gach cláir, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag Animal Breeding faoi 'Scéimeanna Tacaíochta Eachaí'.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin scéim, déan teagmháil leis an Rannán um Phórú, Táirgthe agus Trádála Beostoic, An Cabhán
· fón: 049 4368242
· ríomhphost: ets@agriculture.gov.ie