Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon síneadh leis an gComhairliúcháin Poiblí maidir le Fís an Bhia 2030

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil síneadh dhá sheachtain curtha leis an gcomhairliúchán poiblí a sheoladh i mí Aibreáin maidir le hathbhreithniú meántéarma Fhís an Bhia 2030. Fanfaidh an comhairliúchán, a sheoladh chun deis a thabhairt do gheallsealbhóirí agus baill den phobal chun cur leis an Athbhreithniú, ar oscailt anois go dtí an 28 Bealtaine 2026.

Leagtar amach cur chuige na hÉireann i leith talmhaíocht agus bia inbhuanaithe a sholáthar i bhFís an Bhia 2030, straitéis na hÉireann atá faoi stiúir geallsealbhóirí. A fís chun Éireann a bheith mar "Cheannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe", le hinbhuanaitheacht timpeallachta, eacnamaíochta agus shóisialta ag a gcroílár. Glactar le cur chuige chórais bia, a n-aithníonn an tábhacht a bhaineann le comhleanúnachas beartas níos fearr agus an bhaint atá na geallsealbhóirí chórais bhia ar fad.

Agus an síneadh á fhógairt aige, spreag an tAire Heydon na páirtithe leasmhara ar fad chun páirt a ghlacadh agus dar leis:

"Is gné riachtanach é an comhairliúchán poiblí den phróiseas athbhreithnithe atá faoi stiúir geallsealbhóirí agus tá rannpháirtíocht leathan riachtanach chun an t-athbhreithniú seo a chur in oiriúint. “Tá áthas orm mar sin, síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí chuig an gcomhairliúchán poiblí maidir le Fís an Bhia 2030. Tá rannpháirtíocht den mhéad is mó geallsealbhóirí agus is féidir riachtanach don phróiseas athbhreithnithe, chun a chinntiú go fanfaidh Fís an Bhia le bheith mar straitéis atá faoi stiúir geallsealbhóirí. Soláthrófar leis an síneadh seo leis an gcomhairliúchán poiblí am breise do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear an pobal níos leithne, chun a dtuairimí a roinnt agus ionchur a bheith acu ar an bpróiseas athbhreithnithe."

Féadfar aighneachtaí a dhéanamh ar líne tríd an gceistneoir comhairliúcháin agus a sheoladh chuig FoodVision2030@agriculture.gov.ie . Is é Déardaoin, an 28 Bealtaine 2026an spriocdháta nua chun aighneachtaí a fháil.

CRÍOCH

Nóta don eagarthóir:

Is féidir tuilleadh eolais faoi Fhís an Bhia 2030 a fháil ag: Fís an Bhia 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat