Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Heydon go gceadófar gach iarratas incháilithe ar shábháilteacht feirme faoi na Scéimeanna Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe is déanaí

Roghnófar 75% de na hiarratais incháilithe uile ar stóráil cothaitheach faoi Thráinse 11 den Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3

Síneadh an dáta deiridh do Thráinse 12 den Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3 go dtí an 19 Meitheamh

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go gcuirfear Rangú agus Roghnú (RASS) i bhfeidhm ar na hiarratais a fuarthas do Thráinse 11 den Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS 3), ar bhonn difreáilte, agus tosaíocht á tabhairt d’iarratais faoi na scéimeanna sábháilteachta feirme agus stórála cothaitheach.

Ag cur béime ar thábhacht na sábháilteachta feirme, dheimhnigh an tAire, amhail mar a tharla i ngach Tráinse roimhe seo, go roghnófar arís 100% de na hiarratais incháilithe faoin scéim sábháilteachta feirme faoin tráinse seo. Chuir an tAire béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le stóráil cothaitheach, agus thug sé faoi deara go roghnófar 75% de na hiarratais incháilithe uile ar bhearta stórála cothaitheach faoin tráinse seo.

D’fhógair an tAire Heydon freisin go dtabharfar isteach leasú ar na critéir Rangaithe agus Roghnaithe maidir le hinfheistíochtaí stórála cothaitheach, a bheidh i bhfeidhm maidir le hiarratais a chuirfear isteach sa tráinse a osclóidh an 20 Meitheamh 2026.

Cuireadh 63,754 iarratas isteach sna chéad aon tráinse déag de TAMS 3. Dúnadh Tráinse 11 d’iarratais ar an 6 Márta 2026 agus cuireadh 4,452 iarratas isteach ar fud na scéimeanna uile (mar aon le 2,216 iarratas eile a tugadh anonn ó Thráinse 10).

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá ag éirí thar barr le TAMS 3 i gcónaí agus fuarthas líon ollmhór iarratas, thart ar thrí oiread an líon a fuarthas i gcomhthréimhse faoi TAMS II, agus tá níos mó ná €161 milliún in íocaíochtaí eisithe cheana féin le feirmeoirí as infheistíochtaí a rinneadh ar a sealúchais. Ní mór dom, áfach, a bheith aireach ar na srianta buiséadacha iomlána a bhaineann leis an Scéim, go háirithe lena chinntiú go mbeidh maoiniú ar fáil do thráinseanna amach anseo. Tá cinneadh déanta agam Rangú agus Roghnú a chur i bhfeidhm ar Thráinse 11 de TAMS 3.”

Dúirt an tAire freisin:

“Agus na cinntí roghnúcháin do Thráinse 11 á ndéanamh agam, chuir mé béim níos mó ar bhearta stórála cothaitheach. Faoin tráinse seo, roghnófar 75% de na hiarratais incháilithe uile ar infheistíochtaí stórála cothaitheach. Ina theannta sin, tabharfaidh mé isteach athruithe ar na critéir Rangaithe agus Roghnaithe lena chinntiú go dtabharfar tosaíocht do gach iarratas incháilithe ar infheistíochtaí stórála cothaitheach i dtráinseanna amach anseo. Leagann an dá chinneadh seo béim ar mo thiomantas tacú leis an earnáil agus í ag tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le feabhas a chur ar cháilíocht uisce.”

Leis na hathruithe atá beartaithe, a roinnfear le Coiste Faireacháin an Phlean Straitéisigh CBT (CSP), beifear in ann marcanna breise a chur i bhfeidhm ar infheistíochtaí stórála cothaitheach faoin Scéim um Leas Ainmhithe agus um Stóráil Cothaitheach (SLASC), an Scéim Infheistíochta Caipitil um an bhFeirmeoireacht Orgánach (SICFO), an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (SICFÓ) agus an Scéim Infheistíochta Caipitil do Bhanfheirmeoirí (SICB) nuair a bheidh tráinseanna amach anseo oscailte d’iarratais.

Lean an tAire Heydon ar aghaidh:

“Ceadóidh mé arís gach iarratas incháilithe a chuirfear isteach faoin Scéim um Shábháilteacht Feirme mar aitheantas ar an tábhacht ollmhór a bhaineann le sábháilteacht feirme ar gach feirm, beag beann ar an gcineál feirmeoireachta. Mholfainn d’fheirmeoirí leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar a sealúchais ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de agus tacaíocht a lorg chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.”

Dheimhnigh an tAire Heydon freisin go bhfuil sé ag síneadh an dáta deiridh do Thráinse 12 de TAMS go lár mhí an Mheithimh.

Dúirt an tAire:

“Lena chinntiú go mbeidh dóthain ama ag feirmeoirí agus a gcomhairleoirí iarratais nár éirigh leo i dTráinse 11 a chur isteach arís, síneoidh mé dáta deiridh an tráinse reatha go dtí an 19 Meitheamh 2026.”

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí

Déantar an Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS) a chómhaoiniú ag an Státchiste Náisiúnta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD) de chuid an Aontais Eorpaigh faoi Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 na hÉireann.

Cuirfear Rangú agus Roghnú i bhfeidhm ag na rátaí seo a leanas faoi gach scéim chun líon na gceaduithe faoi Thráinse 11 a bhainistiú:

  • SICG (An Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine) – Roghnúchán 10%
  • SSSÍA (An Scéim Scaipthe Sciodair Íseal-Astaíochtaí) – Roghnúchán 10%
  • SLASC (An Scéim um Leas Ainmhithe agus um Stóráil Cothaitheach) - Roghnúchán 75%
  • SICB (An Scéim Infheistíochta Caipitil Banfheirmeoirí) - Roghnúchán 75%
  • SICFÓ (An Scéim Infheistíochta Caipitil Feirmeoirí Óga) - Roghnúchán 75%
  • SICFO - (An Scéim Infheistíochta Caipitil um an bhFeirmeoireacht Orgánach) - Roghnúchán 75%
  • STD - (An Scéim um Threalamh Déiríochta) - Roghnúchán 20%
  • SICMÉ (An Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaith) - Roghnúchán 75%
  • SICC - (An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta) - Roghnúchán 70%
  • SICSF - (An Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme) - Roghnúchán 100%

Seo a leanas na hinfheistíochtaí stórála cothaitheach a mheallfadh 40 marc breise faoin Scéim um Leas Ainmhithe agus um Stóráil Cothaitheach (SLASC), an Scéim Infheistíochta Caipitil um an bhFeirmeoireacht Orgánach (SICFO), an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (SICFÓ) agus an Scéim Infheistíochta Caipitil do Bhanfheirmeoirí (SICB):

  • Umar Sil-leachta
  • Umar Cearnógach nó Dronuilleogach
  • Umar L-chruthach
  • Umar T-chruthach
  • Umar U-chruthach
  • Umar H-chruthach
  • Umar dé-H-chruthach
  • Umar croschruthach
  • Umar fáinneach
  • Umar Coincréite Réamhtheilgthe, lena n-áirítear clúdach
  • Stórais Chiorclacha Sciodair
  • Stórais línithe le geo-scannán
  • Clais Aoiligh

Dátaí Deiridh na dTráinseanna 2026:

Tráinse 12 – 19 Meitheamh 2026

Tráinse 13 – 4 Meán Fómhair 2026

Tráinse 14 – 4 Nollaig 2026

Faoin Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhFeirm, ar a dtugtar an Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3, tá 11 scéim ar leith ann. Seo a leanas iad:

  • An Scéim um Leas Ainmhithe agus um Stóráil Cothaitheach (SLASC) agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (SICC) agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaith (SICMÉ) agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €500,000 ann
  • An Scéim um Threalamh Déiríochta agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (SICFÓ) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil do Bhanfheirmeoirí (SICB) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil um an bhFeirmeoireacht Orgánach (SICFO) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme (SICSF) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SICG) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann atá ar leithligh ó na scéimeanna eile.
  • An Scéim Scaipthe Sciodair Íseal-Astaíochtaí (SSSÍA) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €40,000 ann atá ar leithligh ó na scéimeanna eile
  • An Scéim Iompórtála agus Stórála Cothaitheach (SISC) agus ráta deontais 70% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann atá ar leithligh ó na scéimeanna eile

Faigh rochtain ar an réimse iomlán infheistíochtaí agus ar na Doiciméid Tagartha Costais.

Ba cheart fiosrúcháin theicniúla maidir leis na sonraíochtaí a chur isteach trí ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo: tams@agriculture.gov.ie

Maidir le gach ceist eile faoin Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3, déan teagmháil le riarthóir na scéime ar 053 9163425.

Is féidir le conraitheoirí a gcuid eTC agus cód rochtana a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig TAMScontractors@agriculture.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat