Minister Heydon confirms the detection of bluetongue virus in Wexford
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Deimhníonn an tAire Heydon go bhfuil galar gormtheanga braite i gContae Loch Garman
“Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a chur i bhfios nach féidir le galar gormtheanga daoine a ionfhabhtú agus nach mbaineann aon riosca do shábháilteacht bia ná do shláinte an duine leis. D’eascair an toradh seo as an bhfaisnéis bhreathnóireachta ghnáthaimh atá ar bun ag mo Roinn, ionas gur féidir linn an galar a bhrath chomh luath agus is féidir,”
a dúirt sé.
“Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl don fheirmeoir lena mbaineann ag an am deacair seo.”
"Scaiptear an víreas seo go príomha trí mhíoltóga. Ní féidir le víreas atá i míoltóga ionfhabhtaithe atáirgeadh nuair a bhíonn an teocht laethúil faoi bhun 12 chéim Celsius. Mar thoradh ar an titim shéasúrach le déanaí sna teochtaí, is beag seans go scaipfidh an t-ionfhabhtú go forleathan faoi láthair. Tá imscrúduithe ar bun agus sampláil bhreise á déanamh chun an staid eipidéimeolaíoch a thuiscint."
Ag labhairt dó faoi na tionchair thrádála is dócha a bheidh ann, dúirt an tAire Heydon:
“Beidh tionchar ag an ráig seo ar onnmhairí eallaigh agus caorach, agus beidh costais bhreise agus saincheisteanna lóistíochta i gceist chun cloí leis na rialacha a leagann tíortha cinn scríbe síos. Maidir le táirgí feola agus déiríochta, níl aon impleachtaí ann d’onnmhairí chuig an Aontas Eorpach, an Ríocht Aontaithe ná chuig formhór ár margaí idirnáisiúnta. Tá mo Roinn i mbun caibidlíochta ghníomhacha maidir le hathbhreithnithe ar go leor deimhnithe trádála do thríú tíortha chun tionchar aon ráige a íoslaghdú, agus leanfar leis an obair sin i ndiaidh na nuachta seo”
Ag labhairt dó faoi vacsaíniú i gcoinne BTV3, dúirt sé
“Soláthraíonn mo chinneadh anuraidh cead a thabhairt do vacsaíní BTV3 a úsáid in Éirinn ó 2026 uirlis luachmhar do fheirmeoirí chun eallach agus caoirigh a chosaint ar thionchar ghalar gormtheanga, dá scaipfeadh sé níos forleithne le linn shéasúr na veicteoirí in 2026. Molaim d’fheirmeoirí eallaigh agus caorach plé a dhéanamh lena ndochtúir tréidliachta príobháideach maidir le cibé acu an bhfuil vacsaíniú oiriúnach dá gcúinsí féin.”
Tá tuilleadh eolais ar ghalar gormtheanga ar fáil ag www.gov.ie/bluetongue.