An tAire Heydon i mbun plé le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhthosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Heydon i mbun plé le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhthosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann

Roimh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu in Strasbourg chun dul i dteagmháil le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.

Agus í díreach dhá mhí sula nglacann Éire le hUachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, thapaigh an tAire Heydon an deis taisteal go Strasbourg chun teagmháil dhíreach a dhéanamh le FPEnna maidir le príomhthosaíochtaí reachtacha agus beartais a dhéanann difear don earnáil agraibhia.

Ag labhairt roimh na cruinnithe, dúirt an tAire Heydon:

“Tá áthas orm a bheith in Strasbourg chun dul i dteagmháil go díreach le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa maidir leis na príomh-shaincheisteanna atá os comhair chórais talmhaíochta agus bhia na hEorpa. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bplé sin agus Éire ag ullmhú chun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacadh níos déanaí i mbliana. Tá comhar láidir idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ríthábhachtach chun reachtaíocht éifeachtach chothrom an Aontais a bhaint amach. Tá Éire tiomanta do bheith ag obair go cuiditheach leis na Feisirí chun tacú le hearnáil agraibhia inbhuanaithe, iomaíoch agus athléimneach a dhéanann beart ar son feirmeoirí, iascairí, chomh maith le pobail tuaithe agus chósta.’

Le linn na cuairte, pléifidh an tAire Heydon raon saincheisteanna, lena n-áirítear todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), slándáil bia, inbhuanaitheacht chomhshaoil, agus bearta chun tacú le hioncam feirmeoirí agus le pobail tuaithe. Cumhdófar sa phlé freisin cur chun feidhme na Físe don Talmhaíocht agus don Bhia, agus béim á leagan ar earnáil agraibhia atá iomaíoch, athléimneach agus inbhuanaithe a áirithiú ar fud an Aontais.

CRÍOCH

Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon TD, with the Chair of the European Parliament's Committee on Agriculture and Rural Development (AGRI), Veronika Vrecionová
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, le Cathaoirleach Choiste Pharlaimint na hEorpa um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (AGRI), Veronika Vrecionová

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat