English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire Hackett go gceannódh daoine Fíorchrainn Nollag agus deimhníonn go mbeidh siad ar fáil le ceannach trí na gnáthmhodhanna miondíola

Tá sé molta ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett go gceannódh daoine Fíorchrainn Nollag agus deimhnigh, faoi threoirlínte miondíola nua Covid, go mbeadh crainn Nollag ar fáil le ceannach trí na gnáthmhodhanna miondíola, lena n-áirítear ionaid gharraíodóireachta agus feirmeacha chrainn Nollag, ón lá amárach ar aghaidh, an 1 Nollaig.

Dúirt sí,

"Tógann sé idir seacht agus deich mbliana agus obair dhíograiseach shaothróirí na hÉireann crann Nollag d'ardchaighdeán a fhás. Tá caighdeán na gcrann Nollag ag ardú le blianta anuas, de réir mar a chuirtear saineolas na saothróirí i bhfeidhm. Tógann sé sin dúthracht agus infheistíocht ó cheann ceann na bliana, mar sin, dá ár dtacaíocht tuilte ag saothróirí na tíre.

Tá cineálacha éagsúla crann Nollag Éireannach á bhfás in Éirinn. Is é an Ghiúis Nordmann (Abies Nordmanniana) an crann ar a bhfuil an tóir is mór. Tá dath glas saibhir ar dhuilliúr an chrainn agus ní thiteann spíonlaigh bhoga na giúise. Dá mb'fhearr leat duilliúr níos goirme tá tóir freisin ar an nGiúis Mhaorga (Abies Procera / Abies Nobilis), crann eile nach dtiteann na spíonlaigh de. Is é an Sprús Lochlannach (Picea Abies) an Crann Nollag traidisiúnta. Tá boladh aoibhinn ón gcrann agus bí cinnte an crann a chur ina sheasamh in uisce chun nach dtitfidh na spíonlaigh de.

Dúirt sí chomh maith,

"Ní thosaíonn séasúr na Nollag dom féin i ndáiríre nó go bhfaighim boladh ó fhíorchrann Nollag agus tá tábhacht ar leith ag baint leis gur féidir iad a cheannach trí na gnáthmhodhanna miondíola ar fad an Nollaig seo. Tacaigh le saothróirí inbhuanaithe áitiúla na tíre i mbliana agus roghnaigh fíorchrann Nollag Éireannach. Tá sé níos báúla don timpeallacht, tá lorg carbóin níos ísle i gceist leis ná mar a bhíonn i gceist le crann saorga, agus is é an rogha nádúrtha é."

Thart ar 650,000 crann Nollag a thagann ó shaothróirí Éireannacha gach bliain, díoltar 450,000 díobh anseo sa bhaile agus easpórtáiltear thart ar 200,000 thar lear, go dtí an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin den chuid is mó. Cuireann an tionscal €25 milliún le geilleagar na hÉireann.

Tá éascaíocht déanta ar cháilíocht a fheabhsú le Scéim um Chúnamh Infheistíochta na Roinne chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt. "Mholfainn do shaothróirí crann Nollag smaoineamh ar chur isteach ar Scéim 2021," a dúirt an tAire Hackett mar fhocal scoir.

Nóta d'eagarthóirí :

Is é an 18 Nollag 2020 an spriocdháta chun iarratais a dhéanamh ar an Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt. Tá an Scéim oscailte do na hearnálacha gairneoireachta ar fad.

Is iad na infheistíochtaí a bhfuil tóir orthu faoin Scéim ná prúnairí crann speisialaithe, gairis chun eangach a chur ar na crainn agus pailléid chun caighdeán na gcrann a chosaint agus chun iad a iompar go héifeachtúil.

Tá sonraí faoin scéim agus na foirmeacha iarratais ar fáil ag Item was unpublished or removed

CRÍOCH